19.2.10

Raidío idirlín ar an árdminicíocht!

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus tá foirne sráide á lorg againn le cabhrú lenár gcraoladh beo ar FM timpeall na tíre a phoibliú i mí an Mhárta.

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, agus beidh le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil.
Más duine bríomhar, spreagúil tú le Gaeilge líofa atá ar fáil ar feadh cúpla uair a chlog lá amháin in aghaidh na seachtaine le linn Mhárta 2010, tá Raidió Rí-Rá ag lorg do chuid ama agus do chuid fuinnimh!

Bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie ach beidh an cairt-stáisiún le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010 agus táimid ag eagrú foirne sráide chun cuairt a thabhairt ar scoileanna sna cathracha seo.

Beidh foirne sráide Raidió Rí-Rá ag dul ar cuairt go ranganna scoile chun labhairt leis na daltaí as Gaeilge agus chun cluichí le duaiseanna beaga a chur i láthair leo, agus beidh deis ag roinnt de na daltaí ádhmhara labhairt beo ar an aer lenár láithreoirí sa stiúideo fiú!

Ní gá le gach saorálaí ach cúpla uair a chlog a chaitheamh ag cabhrú le Raidió Rí-Rá lá amháin in aghaidh na seachtaine i mí an Mhárta le cuairt a thabhairt ar uasmhéid cúig scoil ina gceantar áitiúil ar an iomlán.

Cuirfidh Raidió Rí-Rá na duaiseanna agus gach ábhar do na cluichí ar fáil do na foirne sráide leis an spraoi agus an Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna áitiúla i do cheantar.

No comments:

Post a Comment