27.4.10

Ó pheann an Phiarsaigh

Scannán nua taibhsiúil faoina scríbhinní stiúrtha ag Alan Gilsenan

Is ag teach a mhuintire, i mBaile Átha Cliath a seoladh tráthnóna scannán nua a thugann léargas fileata ar scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais. B’é Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann, Bob Collins a sheol an scannán.

Scannán nua ón duais-stiúrthóir Alan Gilsenan é Ó Pheann an Phiarsaigh, aiste fhíse a fhéachann le meon agus aisling Mhic Phiarais mar a chuir seisean in iúl iad ina chuid scríbhinní a chur i láthair le cabhair na samhlaíochta scannán. Sa saothar nua tábhachtach seo, féachann Alan Gilsenan ar fhís an Phiarsaigh a chur inár láthair gan aige ach focla an fhir féin agus montage íomhánna a tharraingíonn ó chartlainn scannán sa tír seo agus i gcéin: Cartlann Scannán na hÉireann,(Béarla) Iarsmalann an Phiarsaigh, Fáilte Ireland,(Béarla), Gael Linn, Bailiúchán Clarke, NASA (Béarla) agus The U.S. Library of Congress. (Béarla)

Pearsa casta ab ea an Piarsach agus tá an dá thuairim ann inniu faoina fhealsúnacht agus faoina oidhreacht. Dar le daoine áirithe is laoch ildánach é, ceannaire agus saighdiúir cróga Poblachtach, file, drámadóir agus gearrscéalaí cumasach, oideachasóir nuálach agus réalta eolais d’Athbheochan na Gaeilge.

Dímheas atá air ag daoine eile a mheasann gur fear ar strae a bhí ann a bhí faoi dhraíocht ag an mbás agus ag an ngá le íobairt fhola agus duine a raibh amhras faoina oiriúnacht mar mhúinteoir do bhuachaillí óga ar chúinsí go leor.

Fuair an togra seo maoiniú ó TG4 agus ón gComhairle Ealaíon ar aon faoin scéim Splanc! agus ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Alan Gilsenan a chruthaigh agus a stiúraigh, Martin Mahon ó Yellow Asylum Films a léirigh agus is iad Emer Reynolds & Oliver Fallen a chuir an saothar in eagar. Is iad Darach Mac Con Iomaire agus Alan Gilsenan a labhraíonn focail an Phiarsaigh sa scannán.

No comments:

Post a Comment