13.2.13

Gradam Ceoil 2013

Is ar an mboscadóir cáiliúil as Dún na nGall Dermot Byrne a bhronnfar Gradam Ceoil 2013. 

Dermot Byrne
Fógraíodh sin agus duaiseoirí eile na bliana ag ócáid i Luimneach aréir. Tá ardmheas agus cáil ar fud an domhain ar Dermot, ball den ghrúpa aitheanta Altan le fada.

Tugann Gradaim eile na bliana seo aitheantas do cheoltóirí agus d’eagras a bhfuil gean orthu agus urraim dóibh: cumadóir agus fidléir as Tír Chonaill a bhí mar bhall bunaithe den Bothy Band, amhránaí binn ildánach as Corca Dhuibhne a bhfuil cáil an cheoil ar mhuintir ar fad, fear as iarthar an Chláir a bhí ina bhall bunaithe de Cheoltóirí Chualann agus de na Chieftains, fidléir óg as Muineachán agus eagras ar éirigh leis uirlis a bhí a mbaol báis a tharrtháil agus a chur chun cinn go héachtach.

Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2013:


• Gradam Ceoil: Dermot Byrne
• Ceoltóir Óg: Dónal McCague
• Gradam Saoil: Michael Tubridy
• Cumadóir: Tommy Peoples
• Amhránaí: Séamus Ó Beaglaoich
• Gradam Aitheantais: Na Píobairí Uilleann

Gheobhaidh siad ar fad duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 30 Márta 2013, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird. Craolfar ar TG4 an oíche dar gcionn, Domhnach Cásca. Tá an ócáid sin á heagrú mar chuid de agus le tacaíocht ó Thóstal Éireann 2013 agus beidh maithe go leor i láthair mar bhronntóirí agus ag seinm ar an oíche.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur “deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil, i láthair a gcairde féin agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín.”

Deir Jim Miley, Stiúrthóir Togra Thóstal Éireann 2013 go bhfuil áthas air go bhfuil an Gradam Ceoil agus an Tóstal ag obair as láimh a chéile. “Is dlúthchuid d’fhéiniúlacht na hÉireann é an ceol traidisiúnta,” a deir sé “ agus tuilleann ár gceoltóirí meas agus urraim don tír seo i ngach ceard den domhan. Is tóstal ar leith é an Gradam Ceoil agus is deas a bheith luaite leis.”

No comments:

Post a Comment