28.2.13

Deireadh nós!

Seo litir a chuir mé agus a foilsíodh san eagrán deireannach de Gaelscéal (agus níos deanaí i Nuacht 24.

Cupán cáife agus Gaelscéal...

A chara,

Bhí sé de nós agam cúpán mór láidir caifé a bheith agam agus Gaelscéal a léamh gach seachtain. Bhí neart le léamh inti agus is ansin a fuair mé an-chuid eolais faoi a bhí ag tarlúint sa saol Ghaolach thart timpeall na tíre. Rud tábhachtach, dar liom, ná an dearcadh a bhí ag roinnt de bhur n-iriseoirí sa Sé Chontae, dearcadh nach bhfuil ag na meáin Bhéarla ná fiú ag TG4 ná R na G.


Ní thuigim an cinneadh caolaigeantach atá déanta ag Foras na Gaeilge, nó sa saol níos leithne céard atá ar siúil ag an Rialtas. Léiríonn na cinntí atá déanta , nó nach bhfuil á dheanamh acu, an neamh-shuim agus an easpa tuisceána ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí phobail.


Guím gach rath ar an fhoireann bheag dhíograiseach a bhí ag Gaelscéal. Tá muid go léir go mór faoi caomhaoin agaibh.


Go raibh míle maith agaibh



Eoin Ó Riain

Conamara

Seo píosa ón Gaelscéal deiridh inné:

"Cuireadh Gaelscéal i gcré na cille ag 18:00 aréir. Tá go leor irisí agus nuachtáin breátha thíos sa reilig chéanna, i mbun díospóireachta go deo.....

"I ndeireadh na dála, bhí conradh ann idir Thorann na dTonn, úinéir Ghaelscéal, agus Foras na Gaeilge. Faoi choinníollacha an chonartha sin, bhí Gaelscéal le bheith ag díol 9,000 chóip faoin am seo.

Ní raibh ná aon bhaol air agus ní bheadh choíche.

Mar sin de, tá an conradh briste, tá deireadh curtha leis, tá ré Ghaelscéal thart. Sin é."

An mbeidh nuachtán eile Gaeilge mar chomharba at Inniú, Anois, Lá, Foinse, Lá Nua, agus Gaelscéal. Ag Dia amháin atá a fhios mar is léir nach bhfuil a fhios ag Foras na Gaeilge!

2 comments:

  1. Molaim thú as an dua a chuir tú ort litir a scríobhadh.


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Sylvia Bledow2/28/13, 4:37 PM

    Tarlaíonn bristeacha chonartha i ngach áit faoi láthair. Ach níor chóir dúinn glacadh leo. Nach bhfuil seans ar bith bhrú a chur ar Foras na Gaeilge? Ar aon chaoi, leanaimis ar aghaidh lenár gcuid Gaeilge. Go mhaire í in ainneoin Forais na Gaeilge!

    ReplyDelete