10.2.13

Sceathrach - Comhartha earraigh!

Froganna ar a mbealach?
Amach ar siúlóid ar an mbóthar ó dheas inniú - bhí an maidin deas agus tirim, buíochas le Dia - bhí neart fuinte nó linntreoga inár slí.

Thug mé faoi deara i gceann acu go raibh rudaí beaga cosúil le glothach nó taipióca ag lonrach ann. Sceathrach froig a bhí ann, síol froganna atá ag feitheamh le briseadh amach ina torbáin beag dubh nó súmadóirí.

Comhartha eile ag rá linn go bhfuil an earrach tagtha.

Toisc go bhfuil siad uilig i linntreog ar an mbóithrín níl mé cinne gurb é an áit is fearr dóibh a bheith mar bhíonn corr charr nó tarrchóir ag teacht agus ag imeacht ar an mbóthar seo.

Deirtear liom go dtógann sé deich sheachtain ar shúmadóirí chun fás ina bhfroganna beaga.

Coimeádfaidh mé súil orthu pé scéal é!

3 comments:

  1. Comhartha eile ag rá linn go bhfuil an earrach tagtha??

    Nó an bhfuil plá froganna ar an bacáin?? :-)

    Is maith an grianghrafanna

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Bhí mé fhéin an-sásta leis na bpictiúirí. Thóg mé le mo fón phóca iad!

    Feicfimíd an mbeidh plá froganna ann ;-)

    ReplyDelete
  3. Nó b'fhéidir béile maith a chuir os comhair Francaigh??? :-)


    Fearn

    ReplyDelete