21.11.13

Lá na Toirbhearta!

Séala Br na Toirbhearta
Mar iar-dhalta de chuid Bhráithre na Toirbharta (Béarla) is lá faoi leith an lá seo (21 Samhain) i gcónaí dom, Toirbheart na Maighdine Mhuire sa Teampall.

Is traidúsiún áras atá ann gur thóg tuismitheoirí Mhuire í go dti an Teampall agus gur chónaigh sí ann mar ullmhúcháin di don pleán mór a bhí beartaithe ag Dia dí. Tá an scéal ann ón 5ú aois ar a laghad agus tá an féole aá chéiliúradh le níos mó an míle bliain. Tá an scéal luaite i sean-scribhín agus tá na píosa faoi luaite anseo (Béarla).
Má tá tú riamh sa Veinéis tá Séipéal Ársa, Madonna dell Orte (Iodáilis), ina bhfuil an pictiúir seo den Toirbheart ag Tinterreto le feiceál
Ta tabhacht faoi leis sa scéal seo in Éirinn mar sa seachtú aois déag bhunaigh Nano Nagle Siúracha na Toirbhearta (Béarla) i gCorcaigh. Is uaithí siúd a fuair Éamonn Iognáid de Rís an ionsparáid Bráthaire na Toirbhearta a bhunú sa bhliain 1803 i bPort Lairge. (agus is uatha sin a d'fhás na Bráithre Chríostaí (Béarla) i 1820).

Nuair a bhíomr ar scoil bhíodh lá saoire againn ar an lá seo. Whoopie!

Níos deanaí inár shaol bhí brontannas eile ó Dhia ag mé fhéin agus mo bhean mar is ar Lá na Toirbhearta a rugadh iníon dúinn.

Ní nach íonadh gur lá faoi leith í an lá seo.

3 comments:

  1. Súil agam go mbainfidh d'iníon sult as a lá breithe..:-)

    ReplyDelete
  2. Comhghairdeachas a Eoin. Tá súil agam go mbeidh lá sona ag tú féin agus do chlann.Agus mé ar aifrinn an maidin seo dúirt Easpag Chiarraí Ray Browne gur bhunaigh Nano Nagle an dara agus an triú sciol s`aici I gCill Áirne agus Tráilí.Chonaic mé na buachaillí ag dul isteach sa clochar ar maidin le haghaidh ran.Tá an dea-obair ag leanúint dhá chéad bhliain níos déanaí.

    ReplyDelete