8.11.14

Bígí ag rocáil seachas i measc charraigreacha chrua Chonamara!

Ó scríodh an píosa seo tá geallúint eile againn ón Rialtas go mbeidh seirbhís ioncurtha le h-aon áit ar domhain againne faoi...2020....

Idir an dá linn is mar seo atá chúrsaí ag an gCaorán.

I rith na seachtaine seo caite bhailigh mór-uaisle idirlín an domhain ag Cruinniu Mulaigh an Ghréasáin nó an Websummit (Béarla).  Dár le h-eagair fhocal an Irish Time (8 Samh'14) bhí sé cosúil le Féile Rock agus fiú an fear fhéin, Bono, i láthair lena bheannacht a thabhairt ar imeachtaí! Agus ar ndóigh Enda Kenny fhéin ann ag maoimh ar twitter "#websummit Great opp to tell Irish story to International media!" (4 Samh'14) agus "...A powerful message that Ireland is among the Internet capitals of the world." (6 Samh'14)

Bíodh acu!

Anseo, áfach, faoin dtuath, i gcroí lár Chonamara, ní féidir linn teacht ar na rudaí nua íontacha a bhí mar ábhar phlé ann de bharr gan leathan bhanda ceart,  an "cearta daonna" seo, le fáil againn. Sea is féidir liomsa facebook agus twitter a úsáid an cuid is mó den am ach má tá rud éigin mar fís nó pacáiste móra a chuir i r-phoist chuig chustaiméir nó soláthraí is minic a theipeann air nó ar a laghad tógann sé an t-uafás ama.

Ag feitheamh!
Ní gá linn ach breathnú ar an tógra nua i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, Tuairisc.ie, a bhí ag lorg áit i nGaeltacht Chonamara agus theip ortha aon áit a bheadh oiriúnach ó thaobh sheirbhíse idirlín de níos faide siar ná Bearna! An féidir le h-éinne "croí lár na Gaeltachta" a thabhairt ar Bhearna?

Ach anseo timpeall 20 km siar ó Bhearna tá sé thar a bheith deacair suí ag breathnú ar MTS nó Maolra féin is obair chrua ar son na cúise é, ag stopadh agus ag tosnú agus ag lódáil....

Agus ná labhair liom faoi Skype...

Tá 18% de mhuintir na tíre idir  sé mbliain déag agus cúig bliain déag agus trí scór nár úsáid an idirlíon ríamh! Agus timpeall 50% idir seasca agus seachtó cúig nach raibh ar líne riamh agus gan aon amhras an cuid is mó acu ina gcónaí faoin dtuath. (Figiúirí ón bPríomh Oifig Staidrimh).

Tá Airí Rialtas ag gealúint (arís) go bhfuil siad ag obair ar an fhadhb, Pat Rabbitte an duine deireannach a mhol go mbeadh seirbhís 21ú chéad ag gach duine sa tír. Agus cá bhfuil Pat Rabbitte anois?

Ní mise é seo ach tuigim a chás - an dtuigeann Rialtas Bhaile Átha Cliath?

• Alt i mBéarla san Irish Times (iti.ms/1ADJQkA) a spreag an píosa seo uaim! 





No comments:

Post a Comment