11.11.14

Lá 'le Máirtín!

Inniú lá mór sa bhFrainc mar sé lá fhéile Mhartain atá ann. Nuair a bhí mise óg bhí sceal an fhir seo ina scéal íontach dúinn. Is cuimhin liom leis go bhfuil traidisiúin ann gur uncail Naomh Phádraig sinn fhéin é chomh maith - ach ní dóigh liom go bhfuil mórán bhunús leis an scéal sin.

Pé scéal é bhí cáil ar an naomh seo in Éirinn agus ar fud na hEorpa le fada. Anseo in gConamara feach ar an méid daoine leis an ainm Máirtín ortha. Ní i ndiaidh Mairtín de Porres ach Mairtín chathair Tours atá siad ainmnithe. Inné roinneadh píosa a scríobh cailín óg as an scoil áitiúil anseo, Scoil Cholmcille ag an Tulach. Scríobh Áine Ní Fhágharta "Oídhche Fhéile Mártain"  sa bhliain 1954.

Ag bronnadh leath a chlócha!
(Pic in Árdeaglais Tours)
Tá scéal againn go léir is dócha. Saighdiúir a bhí ann agus bhuil sé le fear gan mórán seachas éadaí gioballach strachtha air. Thóg sé a claoímh amach agus gearr sé a fhallaing nó a chlócha féin ina dhá leath agus thug don fear deirce é. Níos deanaí san oíche agus é ina choladh chonaic Máirtín an Tiarna Íosa agus a leat-chlócha air (352AD). Ba leor sin dó agus d'éirigh sé as an saighdiúracht agus chuaigh sé san eaglais agus ansin isteach i mainistir.

Níos deanaí fós deineadh ina easpag ar Tours na Fraince agus is ansin a fuair sé bás (395AD). Bhí cáil ar mar naomh agus bé ceann de na céad daoine a deineadh ina naomh gan a bheith ina mairtíreach.

Bhí cáil a naofachta ag leathnú ar fud na hEorpa agus ba ceann de na h-áiteacha is mó oilthearachta ar chomh chéim le Compostella, Canterbury angus fiú An Róimh féin tráth. Tógadh eaglais ann ina raibh a thuama agus leath a fallaing le feiscint ann. Deirtear gur ón bhfocal "capella" (fallaing beag) a tháinig an focal "Chapelle" na Fraincíse agus "Sáipéal" nó "Séipéal" againn féin.

Bhí cáil é go speisialta in Éirinn agus deirtear go raibh Aifreann speisialta in onóir Mháirtín ar Oileán Í ag Colm Cille agus tá cúntas ar a shaol mar chuid mór de Leabhair Ard Macha (9ú Aois) agus chomh maith leis sin deirtear gur iarr Naomh Colmán (Columbanus) cead guidhe ag uaigh Mháirtín agu é ar a chuid turasanna san Iodáil nuair a bhunaigh sé Mainistir Bhobbio níos deanaí san Iodáil.

Tuama Mháirtín i dTours
Seachtain ó shin bhí muid fhéin i dTours achuamar muid chomh fada le Baisleac Naomh Mhairtín (Fraincís) atá fos ann. Tá an eaglais féin nua go leor (19ú Aois) ach tá a tuama fós faoi gradam faoin bpríomh altóir. Smaonigh muid ar na daoine go léir in Éirinn leis an ainm sin agus b'fhéidir nach raibh fhios acu áit stairiúl i saol na hÉireann leis na cianta cairbreacha!

Chuireann Áine deireadh lena píosa scríobhnóireachta leis an paidir ghearr seo:

"Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a thárrtháil is a chur ar ár leas, is go mbeirimíd beo ar Fhéil Mhártain aríst!"

Céard is féidir linn a chuir leis sin ach "Áiméan!"



No comments:

Post a Comment