3.10.16

Tá na soilse ag scaladh go lonnrach...arís!

Theip ar an aibhléise sa teach ar an Domhnach.

Núair a thárlaíonn rud mar sin bíonn mise ag guibhe gur fadhb sa cheantair atá ann agus ní fadhb istigh sa teach atá ann. Más fadhb sa teach atá ann ní mór dul á lorg agus de gnáth tárlaíonn rud mar sin san oíche agus ní féidir an fiúschlár - atá i gcónaí i gcúinne dorcha ar chúl cófra éigin (atá lá de stuif nach féidir fáil réidh leis ar eagla na heagla). Agus bíonn muid ag utamáil timpeal ag lorg coinneal nó tóirse.

"Cár fhág tusa an tóirse?"
"Ní raibh sé agam-sa, tusa an duine deireannach..."
"Bhí coinnle anse áit éigin..."
"Ní lasáin againn...!"

Bhí an fón phócha ag obair áfach agus chuir mé teachtaireach ann chuig @ESBNetworks. Thánadar ar ais i gcionn cúpla neomad ag rá go raibh fadhb sa cheantair agus go dtógadh sé b'fhéidir dhá nó trí uair a chloig len é a dheisiú.

Ar ámhairí an tsaoil níor thóg sé ach timpeall uair go leith agus bhíomar tár n-ais faoi sholas aríst.

Buíochas mór do oibrí agus córas an Bhoird.


No comments:

Post a Comment