13.10.18

Cluas le h-éisteacht!

Nach minic a dúirt mé "Cad é?" nó "Cád dúirt tú?"

Mar a roinn mé cheanna tá mé beagáinín bodhar. Tá an clann ag chur brú orm le fada rud éigin a dhéanamh faoi!

An bhfeiceann tú é?
Bíonn roinnt cleasanna ag an duine bodhar déileáil leis an saol. Cuirim fothideal ar an teilifís. Bíonn fadhb ar ndóigh mar níl RTÉ sásta fothideal i nGaeilge a úsáid agus nuair atá duine ag caint i mBéarla agus aistríonn sé isteach go Gaeilge ní cuirtear ach "Speaks Irish" thuas ann. Stopann tú ag dul go dtí an amharclnn nó chuig cruinnithe le slua daoine ann. Agus tá mé ag ceapadh nár chuala mé seanmóin ag Aifreann le deich bhliain anuas! In ndáiríre tosnaíonn tú ag cúlú ón ngnath shaol soisialta.

Ar deireadh shocraigh mé dul chuig saineolaí éisteachta - éisteolaí - le fáil amach conas mar a bhí cúrsaí agus an raibh aon leigheas ann dom.

Rinne sé neart tástáil orm le h-aimsiú cé chomh dona is a bhí mé. Mhol sé áis éisteachta dom. Bhí fhios agam go mbeadh costas an ard ar a leithéad, agus tá. Rud nach raibh fhios agam áfach ná go raibh cabhair le fáil ón stáit, agus ar ndóigh cabhair mór a bhí ansin.

Áis éisteachta (Oticon)
Fuair mé dhá ghléas - ceann do gach chluas. Níl siad ró feiceálach agus oibríonn siad. Bhí feabhas an shoiléar le cloisint agus is mór an cabhair iad dom. Níl an éisteacht chomh maith agus a bhí sé nuair a bhíos óg mar tá damáiste doleigheasta áirithe déanta ach mar sin féin tá feabhas thár chuimse ar chúrsaí. Mar sin féin tógann sé beagáinín ama dul i dtaithí ortha - trí nó ceithre seachtaine.

Má tá fadhb éisteachta agat is ceart rud a dhéanamh faoi sul a éiríonn sé níos measa. Is fearr dul chomh luath agus a thugann tú faoi deara go bhuil rud éigin cearr. Bíodh fhios agat go bhfuil sé costasach (ach go bhfuil cabhair le fáil) ach is fiú go mór é chun do shaol a fheabhsú.


1 comment: