Bhí an lá go deas agus muid ag dul soir chuig an gcathair inné. Bhí báisteadh geallta ach ní raibh deoir le feiscint.
Ba léir nach raibh na srianta chomh trom agus a bhí mar bhí an trácht i bhfad níos troime ó Bhearna soir. Bhí sé "thár n-ais" mar a déarfa. Bhí roinnt teachtaireachtaí agus siopdóireacht le deanamh. Bhí borradh sa cathair nach raibh ann ón Nollaig ach bhí an-chuid de na siopaí dúnta go fóill.
Shiúl mé thár siopa barbóra agus ní raibh mórán istigh ann.
"An bhfuil sibh ag glacadh le custiméirí ón sráid nó an gá dom coinne a dhéanamh?"
"An dá rud!"
"An feidir libh mé a dheanamh anois?"
"Tar ar ais i gcionn leath uair a chloig," a dúradh liom.
Lean mé orm ar ann thíos an sráid agus ceannaigh mé nuachtán. Bhí an ghrian ag taitneamh agus shuigh mé ag an bhFaiche ag léamh. Bhí sé gaofar ach deas agus geal. Bhí duine anseo is ansiúd ina suí ach ag claí leis an scaradh fisiciúil.
Nuair a bhí an leathuar thart shiúl mé thár n-ais. Bhí neart daoine istigh sa siopa faoin am seo agus dúradh liom dul chuig cathaoir istigh ann. Bhí triúr nó ceathrar daoine ag obair go chrua ag baint fomhair mór gruaige - luach beagnach sé mhí de - ó gach chloigeann ann.
Bíonn an fhadhb céanna agam gach uair ag an mbarbóir. Chuireann siad an ceist orm, "Cén saghas gearradh atá uait?" Ní bhíonn fhios agam riamh cad is ceart a rá. Nuair a bhí mé óg níor cuireadh an cheist sin ort. Shíodh tú istigh sa cathaoir agus gearradh do chuid gruaige. Rogha ar bith ní raibh ann!
Pé sceal é ba chuma cad a bhí uaim bhí obair chrua roimh an fhear bhocht - fás níos mó na ocht mhí. An uair deireannach a bhí leo bá roimh an dara dhianghlásáil í. Mar a dúirt mé bhí neart gruaige roimhe!
Ar aghaidh leis mar sin agus taobh istigh de leath uair a chloig bhí sé críochnaithe liom agus bhí me i bhfad níos eadroime.
Ar maidin d'féach mé isteach ar an scathán agus bhí duine nua ag breathnú amach orm!
Anois tá an snaithid faighte agam, (faoi dhó), tá mo chuid grúige in ord agus mé reidh don gcéad chéim eile!
No comments:
Post a Comment