Dúnmharú, Drámaíocht agus Scannal
Ar 6ú Bealtaine 1882 tharla feallmharaithe míchlúiteacha i bPáirc an Fhionnuisce agus crochadh cúigear do na Invincibles dá bharr. Tháinig deireadh dramátúil leis an scéal le marú an bhrathadóir míchlúiteach James Carey ar bhord an SS Melrose ar chósta na hAfraice Theas in 1883.
Tá an fhoireann chéanna a chuir Murdair Mhám Trasna* in iúil tagtha le chéile arís chun an scéal cumhachtach seo a insint, tar éis taighde fairsing a rinne Seán Ó Cuirreáin do ROSG.
Tá na haisteoirí buaiceacha, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell ag glacadh páirt sa bhfadscannán.
Stiúrtha ag Tomás Seoighe, léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh & Seán Ó Cuirreáin do ROSG.
Tá an fadscannán maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an BAI agus beidh sé le feiscint níos deanaí sa bhliain.
*Slua don Eagóir (23/2/2018)
@ROSGtv @TG4TV @ScreenIreland @BAItweets
No comments:
Post a Comment