14.5.21

Cá bhfuil do chuid sonraí?

Bhí fadhb againn ar an Ceadaoin. Theip go tobann ar ár gceangail leis an idirlín ar an maidin.

Is i spota dubh ó thaobh an idirlín atá Caorán na gcearc. Tá seirbhís acu leath míle soir uainn agus agus tá seirbhís siar i Ros a'Mhíl acu chomh maith ó na comhluchtaí móra - Éircom, Vodafone, agus comhluchtaí fhóin eile. Mar sin tá mise ag brath ar chóras gan sreang - Airwire "Ag Nascadh Pobail an Iarthair!" Agus tá seirbhís an shásúil uatha i gcónaí.

Chuireadar teachtaireacht i bhfoirm téacs ar an bhfón phóca ag rá go raibh "ionsaí DDoS" ar an líonra acu ag chuir isteach ar chúrsaí ach go rabhadar "ag obair air an fhadhb."

D'éirigh leo gach rud a chuir ina ceart go luath sa tráthnóna (15:00) agus bhí gach rud ceart go leor arís.

Ansin inné is cosúil go raibh fadhb ag tuairisc.ie. Dúradh nach raibh fáil ar a aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (URL). Chuireadh giolch amach uatha "Tá fadhbanna teicniúla ag óstach tuairisc.ie faoi láthair, rud a fhágann go mb’fhéidir go bhfuil deacrachtaí ag daoine áirithe teacht ar an suíomh faoi láthair." Tár éis cúpla uair a chloig bhí cuile rud i gceart arís.

Níos deanaí bhí giolch ó Tús Áite, clár Fhachtna Uí Dhrisceoil ar 17:00 gach tráthnóna ar Raidío na Gealtachta: "Ár leithscéal ach tá fadhb theicniúil againn leis na podchraoltaí faoi láthair. Tá súil againn go mbeidh siad ar an suíomh amárach ar a dhéanaí." Agus thugadar nasc eile.

Ansin ar maidin chualamar faoin fhadhb ar an gréasán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus go raibh gá leo an córas a dhúnadh síos ina iomláine ar eagla na heagla. Dúradh gur ionsaí bogearraí éirice a bhí faoi deara. Cuireadar giolch amach ar maidin (i mBéarla ar ndóigh) ag rá go raibh "ionsaí bhogearraí suntasach ar chórais TF FSS." agus "Táimid tar éis an réamhchúram a dhéanamh maidir lenár gcórais TF go léir a dhúnadh..."*

Chuir comhghleacaí i Meiriceá alt suimiúil chugam**.  Dúirt oifigeach sínsearach i Rialtas SAM go raibh méadú as cuimse ar na hionsaithe bogearraí éirice. "Is cinnte nach rud nua é an bhagairt sin ... tá méadú 300% ar an mbliain roimhe sin." Dearbhaigh sé go rabhadar "ag fás níos sofaisticiúla, níos minice agus níos ionsaithí."

"Ní i Meiriceá amháin," mar dúirt an fear eile!

Ní maith liomsa an bealach atá chuile dream, bancanna, coimisinéirí ioncaim agus eile ag brú orainn an tidirlíon a úsáid in gcónaí. "Ní mór duit tú fhéin a chlárú ar líne" a deirtear linn go ró mhinic. Ach cé chomh sabhálta is atá na sonraí a roinneann muid leo? Ní mór dúinn a bheith ar ár n-aire!

Ionsaí mór haiceála ar chóras Fheidhmeannacht na Seirbíse Sláinte  (Nuacht RTÉ 14/5/2021)

** Alt foilsithe ag CNN (Béarla 11/5/2021)

No comments:

Post a Comment