29.5.21

Uachtarán agus Rí agus consias!

'Se an Dr. George Vella an deichiú uachtarán ar Phoblacht Mhálta (President tar-Repubblika ta ’Malta). Toghagh é mar Uachtarán sa bhliain 2019.

Uachtarán Mhalta
Is dochtúr leighis é a chaith an chuid ama sa polataíocht. Bhí sé mar Aire Gnóthaí Eachtracha é sna nochadaí agus ó 2013 go 2017. Ba bhall den bParlaimint ó 1978 é i bpáirtí an Lucht Oibre.

Le déanaí deineadh iarracht an dlí i leith ginmhilleadh a athrú sa Pharlaimint i Malta. Is cosúil nach bhfuil Lucht Oibre nó an Páirtí Náisiúnta ina bhfabhar. Mar sin féin tá díospóireacht teasaí ar siúl idir iad siúd atá ar a son agus iad atá ina choinne. Sa chomhtheacs sin ag agallamh leis an Uachtarán inar léirigh sé a dhearcadh (ní don chéad uair is cosúil) ina thaobh.

“Ní féidir liom an fheidhmeannas a chosc ó chinneadh a dhéanamh, is é sin an Pharlaimint. Ach tá an t-saoirse agam, mura n-aontaím le bille, éirí as agus dul abhaile agus níl fadhb ar bith agamsa é sin a dhéanamh.
“Ní shíneoidh mé bille go deo lena mbaineann údarú dúnmharaithe.” Dúirt sé go raibh a seasamh ar an ábhar seo an shoiléir i gcónaí.

Ar ndóigh dá mba rud é gur ritheadh acht mar sin bheadh géarchéim bunreachtúil ann sa tír sin. Is cosúil go mbeadh ortha Uachtarán nua a aimsiú!

Rí na mBeilgeach (1951-1993)
Is cuimhin liom go raibh fadhb mar sin sa Bheilg i réimis an Rí Boudewijn. Sa bhliain 1990 ritheadh Bille trén bParlaimint a cheadaigh ginmhilleadh. Dúirt an Rí nach síneodh sé an bille le bheith ina dlí. Chinn an Rialtas nach raibh an Rí i ndán a chuid dualgaisí a chomhlíonadh agus mar sin de réir na Bunreachta na Tíre bhí an comhacht ag an Rialtas féin ina iomláine. Shínigh gach ball den Rialtas an Bhille ansin. An lá dár gcionn (5 Aibreán 1990) chinn an Rialtas go raibh an Rí i ndán a chuid dualgaisí a chomhlíonadh arís.

Tá conspóid i Meiriceá chomh maith ar an ábhar seo. Deirtear go bhfuil an Uachtarán nua ann "ar son ghinmhilleadh." Deintear ionsaithe pearsanta air dá bharr. Tá ionsaithe á dhéanamh ar Uachtarán Mhalta chomh maith. 

Nach ait an rud an coinsias? An ceart do dhuine seasamh leis an ceart mar a feichtear don duine féin nó an ceart seasamh siar agus ligint don rud mícheart dul in uachtair. 

Dá mbeinn im Uachtarán (Dia dár sabháil!) ní bheinn i ndán bille mar sin a shiniú mar creidim gur duine daonna atá in ucht mná. Níor éirigh le héinne mé a chuir ar mhalairt tuairime go dtí seo. D'fhéadfainn a bheith mí cheart ar ndóigh. Ach an féidir éinne é sin a cruthú.

• Feach chomh maith: Dleathach ach mícheart (9/5/2013)

No comments:

Post a Comment