18.5.10

Diarmuid Ó Máirtín, Cad dúirt sé?

Tá se deachair píosaí fada a léamh ar an ngréasán dár liom. Is fearr liom píosaí léitheoireachta a léamh ar pháipéar.

Bhí mé ag lorg nuacht inniú faoin ráiteas a d'éisigh an Cairdinéal inné agus é ag lorg easpag cúnta ón bPápa chun cabhrú leis. Nior aimsigh mé é ach bhí an-chuid léirmheastóireacht, an chuid is mó de a bhí an-chriticiúil ar an cinneadh a tá déanta aige. Tá ráiteas ar a thiomántas don Árd Deoise (Béarla) ina lúitear á ráiteas. Smaoinigh mé ar Naomh Peadair a shéan a Mháistir in am a ghátar. Meas tú cén fáth nár éirigh sé as?

Ach ní seo a chuir mé ag smaoineamh le se a scríobh. Ní hea agus mé ag brabhsáil liom tháinig mé ar suíomh Árd Deoise Bhaile Átha Cliath. Agus thosaigh mé ag léamh nótai Dhiarmada Úí Mháirtín, an Árdeaspaigh, ar an chaint a thug sé do na ridirí seachtain ó shin. Bhí mé gafa!

Is mó an méid atá scríofa agus ráite faoi seo. Daoine ag rá go bhfuil scoilt idir eisean agus a bhráithaire easpaigh agus leis an bPápa fiú. Rith sé liom cé gur chuala mé na míreanna nuachta faoi, mar aon le an-chuid, nár léigh mé an méid a bhí ráite aige agus cén fath a duirt sé an méid a dúirt sé, nó fiú cad a dúirt sé!

Is dócha go bhfuil an rud céanna fíor faoin litir úd ón bPápa chuig Caiticigh na hÉireann, "Le himní chroí!"

Is cosúil go bhfuair sé cuireadh labhairt leis Ridirí Naomh Cholumba ar an "Eaglais Caitlicí sa Todchaí" agus b'shin a téama a bhí aige. Tá a chuid nótai (Béarla) le fáil ar an suíomh. Caint an-macánta, an-domhain, an smaointeach atá ann. Tá i bhfad níos mó ann seachas na "blúiríní fuaime" a cloistear ar an raidío nó ar na nuachtáin. Cé go ndeireann sé go bhfuil díomá air, go bhfuil "forsaí", (fórsaí láidir a deireann sé agus ní "fórsaí dorcha"mar a tuairiscíodh in áiteanna), atá ag iarraidh an fhirrine a cheilt. Ní haon ionadh é sin, is daoine daonna sinn uiligh.

Is fiú go mór na nótaí seo a léamh ina iomlán má tá duine chun cainte faoin méid a dúirt sé. Tá seo fíor faoi thréadlitir an Phápa chomh maith.

Mar a deireann guidhe an Phápa sa litir úd:

"Is ortsa, a Dhia Trí-Aonta,
Agus muinín mhór againn i gcoimirce ghrámhar Mhuire, Banríon na hÉireann agus ár máthair féin, i Naomh Pádraig, i Naomh Bríd agus in iomlán na Naomh, a chuirimid ár gcúram féin, cúram ár gclann, agus cúram riachtanas na hEaglaise in Éirinn.
Áiméan."

5 comments:

  1. Deacracht seasta (atá blagáilte sách minic agam) an gné seo: deireann eaglaiseach rud éigin cúramach, stuama - agus dá bharr fada - agus baintear fuaimghreim as a oireann do léamh na huaire ar pé ceist atá faoi chaibidil.

    Minic go leor baintear casadh as, freisin.

    (Tá suíomh Ard Dheoise Bhaile Átha Cliath an mhaith - is féidir teacht ar ráitis agus aithisc air go héasca).

    ReplyDelete
  2. GRMA 'Aonghuis! Agus mar a deireann tú tá suíomh Ard Dheoise BhÁC go deas - cé gur thóg sé tamall orm tréadlitir an Phápa a aimsiú ann!

    Tá ceann nua ag ár nDeoise féin (Tuama)ach amháin nach mbeadh fhios agat go bhfuil an Ghaeltacht is mó sa tír ann!

    ReplyDelete
  3. Rinne Pádraig Ó Fiannachta aistriú a bhfad níos deise ar litir an Phápa. Níl fhios agam an bhfuil sé foilsithe aige fós. Fuair mé cóip leictreonach uaidh. Cuir scéala chugham ag aonghusoh ag gmail ponc com más maith leat cóip. Nó, go deimhin, cuir ceist ar fhéin: pof ag diseart ponc ie.

    ReplyDelete
  4. Fuaireas cóip de ón Ath Ó Fiannachta. Tá sé le foilsiú in Iris Leabhair Má Nuad in gcionn mí nó dhó! Gura mait agat 'Aonghuis.

    ReplyDelete