16.12.10

Mise Raiftearaí

Raiftearaí agus a oidhreacht á gcomóradh i gclár nua

Bhí mé ag tiomáint anoir as Bhaile Átha Cliath tráthnóna éigin anuireadh agus chonaic mé comhartha ar thaobh an mbóthar. Duirt sé "Anthony Raftery's Grave Poet. Dúirt mé liom féin nár chualy mé trácht ar an bhfile áirithe sin gur bhuail sé liom gur Raiftearaí an file a bhí i gceist. Ní dhéanfaidh mé trácht ar chaol aiginteacht an té a shocraidh ar comhartha chomh aineolach a chur suas don file Gaeilge is mó cháil i measc daltaí óga na hÉireann, "..Raiftearaí an file lán dóchas is grá..."

Raifteirí an file!
Fear caoch, beo bocht a bhí ann a chaith formhór a shaoil ag fánaíocht i nGaillimh agus i Maigh Eo, ag ól, ag cumadh filíochta agus amhrán agus ag seinm ceoil “do phócaí folmha” nó gur bhásaigh sé 175 bliain ó shin, cothrom an ama seo. Mar sin féin, áirítear é ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge agus chuaigh a shaol agus a shaothar fileata go mór i bhfeidhm ar phobal Gaeltachta an Iarthair agus ar lucht na hAthbheochana freisin.

Is beag duine againn nach bhfuil cúpla líne ar a laghad d’fhilíocht nó d’amhráin Raiftearaí ina chuimhne ach is bearnach ár n-eolas ar an bhfear féin. Cé gur bhailigh An Craoibhín Aoibhinn a chuid amhrán agus gur fhoilsigh iad i bhfoirm leabhair céad bliain ó shin, tá go leo nach bhfuil fhios againn faoin bhfear fileata géarchúiseach a chum Eanach Dhúin, Cill Aodáin, Seanchas na Sceiche agus Máire Ní Eidhin i measc go leor eile.

Tá clár nua faisnéise  faoin bhfile le craoladh ar TG4.  Sa gclár téann Tadhg Mac Dhonnagáin, ceoltóir agus cumadóir eile amhrán as Maigh Eo (Futa Fata), sa tóir ar Raiftearaí agus ar an saol corrach, eachtrúil a chaith sé, ag fánaíocht roimhe go dtí gur bhásaigh sé beo bocht faoi Nollaig 1835.

Fiosróidh Mac Dhonnagáin an seanchas a bhaineann lena shaol, idir fhírinne agus fhinscéalaíocht, labhróidh sé le scoláirí, le lucht béaloideasa, le hamhránaithe aitheanta agus le staraithe. Tabharfaidh sé cuairt ar Mheiriceá Thuaidh, áit nár sheas Raiftearaí riamh ann ach atá tábhachtach ina scéal.

Feicfear nach é a chum ceann de na nathanna is cáiliúla ar fad atá luaite leis agus déanfar athchruthú drámaíochta sa gclár seo ar chuid de na heachtraí is mó ina shaol. Orthu sin atá páirteach, tá an Dr Nollaig Ó Muraile, an tOllamh Gearóid Denvir, Máirtín Jamsie Ó Flatharta, Collette Nic Aodha, Treasa Ní Cheannabháin, Máirtín Tom Sheáinín, Naisirín Elsafty, Caitríona Ní Cheannabháin agus Jimí Ó Ceannabháin. Is iad Aindrias de Staic, Naoise Ó Gibne agus Domhnall Ó Braonáin a ghlacann páirt Raiftearaí ag tréimhsí éagsúla a shaoil.

An comhlacht Sónta a léirigh do TG4 agus fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís.

4 comments:

  1. Eanach Chuain nó Eanach Dhúin?

    ReplyDelete
  2. Rinne na Ceithearnaigh Coille íonsaí ar an chomhartha sin - caithfidh sé gur dheisigh fórsaí gallda é arís chun a gcuid bréaga lófa a chur in iúl.

    Gníomh eile de dhíth!

    ReplyDelete
  3. Ceist mhaith! Eanach Dhúin atá ar an áit anois ach tá mé ag ceapadh gur Eanach (nó Anach) Chuain a deirtear san amhrán de gnáth!

    ReplyDelete
  4. Tá comhartha ar Bhóthar BÁC agus tá ceann eile Béarla ar an mbóthar ó dheas go Co an Chlár....obair le deanamh?

    ReplyDelete