7.5.12

I mo chíor thuathail....

Cad is ceart a dhéanamh? 

Rinne an Rialtas cinneadh reifreann a rith ag deireadh na míosa seo ar "Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta." 

Tá roinnt gearán agam faoin bhfeachtas. 

An fiú reifreann?
An céad rud ná an deifir atáid ag iarraidh an rud seo a chuir isteach sa bhunreacht. Níl mórán am ag an Coimisiúin Reifreann an conradh fhéin a scrúdú dúinn. An mbeidh muid fágtha leis an gconradh seo sa bhunreacht nuair nach mbeidh sé i bhfeidhm in aon cheann de na tíortha eile?

An dara rud an ainm atá á thabhairt acu ar an gConradh - An Conradh Cobhsaíochta.  Céard faoi na nithe eile. Nach bhfuil tabhacht ar bith leo siúd? 

Ach an triú rud an rud a chuireann isteach orm níos mó ná rud ar bith eile. An mbeidh an conradh seo ina dlí san Comhphobal riamh. Tá Rialtas na hÍsiltíre tar éis titim ar an gConradh chéanna. Anois tá fhios againn go bhfuil pobal na Gréige tar éis vótáil go trom i gcuinne na polasaithe céanna. Agus níos mó ná sin ar maidin tá fhios againn go bhfuil Úachtarán nua toghtha sa bhFrainc. Go bhfuil duine de phríomh ailtire na Conartha, Nicolas Sarkozy le h-imeacht. Bé cheann de na cloich is mó ar phaidrín Hollande. Mar a dúirt sé aréir:

"Le 6 mai doit être une grande date pour notre pays, un nouveau départ pour l'Europe, une nouvelle espérance pour le monde. Voilà le mandat que vous m'avez confié. Il est lourd, il est grand, il est beau..."

Mar sin is fís nua atá ag Hollande seachas an ceann a bhí ag "Merkozy." 

An mbeidh muid-ne ceangailte leis an sean-fís nó leis an "treoir nua don Eoraip, an dóchas nua don Domhain Mhóir?"

1 comment:

  1. !Mar sin is fís nua atá ag Hollande seachas an ceann a bhí ag "Merkozy!

    Níl fhios agam, a Eoin. Sílim go bhfuil lucht an ionnúis in áit na cumhachta riamh; lámha olair ag a gcúilistíní agus dalladh púicín ar gach duine eile.

    Ní cíorthuathail go cíorthuathail seacht dtír fichead.

    Sílim nach mbeidh "Frangela" chomh difriúl á "mercozy"


    Fearn

    ReplyDelete