9.8.14

Dearmad agus dearmad!


Tá diospóireacht ar siúl faoi an gcomóradh atá á dhéanamh sa tír seo ar an gCogadh Mór nó Céad Cogadh Domhanda. Deireann daoine ar thaobh amháin go bhfuil an iomarca á dhéanamh de ag an Rialtas agus na Nuachtáin. Daoine eile a deireann gur dream ceilte, a bhfuil dearmad déanta ortha le fada agus gur cóir na nÉireannaigh a fhreagair glaoch John Redmond agus a fuair bás dá bharr a chomóradh.

Ar bhealach is ar mhíamharaí an t-saol a athríodh meon an phobail idir 1914 agus 1918 de bharr Éirí Amach na Chásca agus níos mó ná sin mar gheall ar an mbealach a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe praiseach den bua a bhí acu ar lucht an éirí-amach tré na ceannairí a cuir chun báis láithreach, go mór mór Séamus Ó Conghaile!

Ach sin stair. Deineadh dearmad ar laoich an cogaidh agus deineadh naomh de laoich an Éirí Amach. Anois tá fhios againn i bhfad níos mó faoi agus go bhfuair na mílte bás sa chogadh tragóideach sin. Ní ceart dearmad a dhéanamh ar an íobairt a rinne siad siúd ar mhacaire Fhlóndras.

Tá an airgóint spéisiúil áfach mar uaireanta feictear dom más rud fíor Ghaelach atá le comóradh ní cuimnítear air nó deintear cuimhne air ar bhealach a chuireann i bhfolach é.
Cá bhfuil Cluain Tarbh? Cá bhfuil Brían Boróimhe? 
Mar shampla míle bliain ó sin thárla an cath is cáiliúla i stair na tíre - Cath Chluain Tarbh. Bhfuil stampa éisithe sa tír seo i gcuimhne air? Níl! Ina ionad cuireadh dhá stampaí ag comóradh "Oidhreacht Lochlannach!" (Béarla)

Tá fhios againn nach raibh a thárla i gCluain Tarbh chomh simplí sin. Ní bua na nGael ar na Lochlainnaigh a bhí ann mar bhí Lochlainnaigh ar thaobh Bhriain agus Gael ar an taobh eile. Mar sin féin i gcuimhne na ndaoine anuas ón t-am sin go dtí an lá atá inniú ann, bhí an cath sin an tabhachtach agus Brian Boróimhe "Impire na nGael" go láidir ina n-aigne. Cén fáth nár éisíodh stampa á chomóradh ina thír dhuchais?

Tá tír amháin in aice linn a bhí sásta comóradh a dhéanamg ar Laoch Dhál Cháis. Ar an lá céanna agus a d'éisigh An Post na stampaí oidhreachta d'eisigh Oifig Phoist Mhannan stampa i onóir na h-ocáide le Brian feín ag gríosadh a saighdiúirí.

Deireann an oifig ansin, "The Battle of Clontarf is a key event in history that has shaped the future of Ireland and of course the Isle of Man. These stamps pay a great tribute to the memory of the battle and King Brian Boru. We are very pleased to be able to offer our collectors such an important piece of history.”

Mar focail scoir d'éisigh stampaí sa bhliain 2002 ag comóradh ríocht Bhriain "Imperator Scotorum." Ceaptar gur sa bhliain 1002 a ghlach sé cumhachta mar Árd Rí ar Éireann.  B'fhéidir gur cheap An Post gur leor sin?


2002

1 comment:

  1. Na buaiteoirí agus na máistrí a scríobhann an stair. Ní chun leasa an chreachlathais é go mbeadh cuimhne ar stair Ghaelach na tíre!

    ReplyDelete