1.6.19

Leamhan flanndearg!

Ní féileacán é seo ach leamhan. Seas sé ar ár bplásóg um thráthnóna ag glacadh sosa.

Cad é a difríocht a deirennn tú agus conas a a athnófá iad óna a chéile? Go simplí eitlíonn an féileachán i rith an lae agus an leamhan san oíche - de gnáth. Ach ar ndóigh tá eisceachtaí ann. Agus seo ceann acu - an leamhan flanndearg (Tyria jacobaeae).

Is féidir leamhan a aithint ón mbeala a filleann sé a sciatháin thar timpall air féin agus é ag tógaint sos (mar anseo). Coimeadán an féileachán a chuid sciatháin thuas ós a cionn.

Itheann boilb an leamhain seo, atá buí agus dubh, an buachalán buí. Tá sé le fáil thár timpeall na tír ar ndóigh agus ar fud na hEorpa. Toisc an cionn atá aige ar an buachalán tógadh isteach san Astráil agus Meiriceá le cabhair len planda a smachtú.

Beireann gach leamhan thar ar 300 ubh. Beirtear tríoch go seasca le chéile faoi duilleog an Bhuachalán agus nuair a thangann an bolb (buí & dubh) amach tosnaíonn sé ag ithe na duilleoga agus na bláthanna. Ní itheann mórán ainmhithe eile iad ach is cosúil gur maith leis an Cuach iad.

Pic ó WIKIpedia




No comments:

Post a Comment