23.3.21

Teip agus aiséirí!

Teip ar mo fón phóca aréir. 

Bhí fhios agam go raibh sé ar siúl mar bhí solas beag ag splancadh ag rá liom go raibh teachtaireacht dom ann ach nuair a chuimil mé a aghaidh níor tárla tada. Bhí sé chomh dubh le pic. Rinne mé iarracht an fón a mhúcadh ansin ach fós níor thárla aon rud. Agus bhí an solas beag gorm um mhagadh i gcónaí.

Chuir mé uaim é agus ansin thosaigh mé ag éirí imníoch. Tá an méid stuif ar na fónanaí seo anois. Uimhreachs fóin na cáirde - is beag ceann gur féidir liom smaoineamh air anois. Agus pictiúirí, agus cláracha eile. 

Ansin thosaigh mé ag smaoineamh ar chad a dhéanfainn ar maidin. Bheadh orm dul isteach sa chathair chuig siopa fón ann - bhfuil siad ar oscailt fiú? Agus an féidir liom a rá le haon Gharda a stopfadh mé gur turas riachtannach a bhí ann? Agus má théim istigh ann an mbeidh siad i n-ann an fhadhb a aimsiú nó an mbeadh orm ceann nua a fháil agsu an mbeidh siad i n-ann an stuif go léir atá agam a aistriú isteach sa fón nua?

Chuaigh mé a chodladh agus na smaointe ag dul thár timpeall i mo chloigeann. 

Ar maidin d'éirigh mé agus thugas faoi deara go raibh an solas úd imithe. Bhí an cadhnra ídithe ar ndóigh. Cheangal mé leis an luchtaire ansin. Tháinigh an comhartha ar an scáileán ag rá go raibh an cumhacht ag dul isteach ann. Ag tosú le 0% ansin diaidh ar ndiaidh 2% 5% 24% agus mar sin.

Nuair a bhí 80% sriochta aige rinne me iarracht é a chuir ar siúl arís agus buíochas mór le Dia thosaigh sé ar an pointe agus bhí mé arís ceangailte!

Ní raibh gá le turas! Bhí mé ceangailte leis an saol arís.


No comments:

Post a Comment