Tá sé de nós agam ar an Sathairn dul chuig an siopa leis an nuachtáin a fháil.
Na Seacht nAois - William Mulready * |
Agus mé ar mo bhealach soir smaoinigh mé ar na rudaí go bhfuil gá agam anois agus mé ag dul amach ó teach, fiacla, speaclaí, áiseanna éisteachta agus anois cumhdach aghaidhe.
Chuirfeadh sé deireadh aithisc nó óráide cáiliúla Jaques i ndráma ag Liam Shakespeare...
"... Last scene of all,
That ends this strange eventful history, Is second childishness and mere oblivion, Sans teeth, sans eyes, sans taste, sans everything." |
* Is Éireannach ó Chontae an Chláir é William Mulready (1786 – 1863). Chuaigh sé lena mhuintir go Londain is é ina leanbh agus glacadh isteach is Scoil an Acadaimh Ríoga agus é 14 bliain d'aois. Bµi cáil air mar ealaíontóir agus tá an chuid dá phictiúirí le feiscint (an ceann seo ina measc) sa Victoria & Albert i Londain. Tá sé curtha i gKensal Green agus leacht breá ar a uaigh.
No comments:
Post a Comment