13.10.21

Ciúnas cheoil!

"Chuidigh sé go mór le ceol na hÉireann a chur ar fáil do dhaoine fud fad an domhain agus, fríd é sin a dhéanamh, tharraing sé aird ar fhuaim leithleach na bpíopaí uilleann." 

Bhí mé díreach tár éis mo phíosa a scríobh faoi Sheán Ó Riada (Vertical Man) nuair a thánaig scéal ar bhás laoch cheoil Tony McMahon - fear an mbosca cheoil nach raibh a leithéad ann le fonn mall a seinnt agus a bhí ag an am ceanna an ceaoil is bríomhaire a thabhairt a chuirfeadh chuile ladhar i halla nó seomra ag thapáil nó fiú ag damhsa.


Ansin inné bhí scéal againn ar bháis laoch eile - Paddy Moloney, píobaire. Céard is féidir a rá ach go bhfuil saibhreas ioncurtha cheoil imithe uainn. Cuireadh ráiteas amach ag Na Píobaire Uileann atá, mar aon linn go léir, faoi bhrón. 

Bhí Paddy ina bhall bunaitheach de Na Píobairí Uilleann chomh maith le bheith ina bhall bunaitheach de The Chieftains, buíon cheoil a bhain cáil idirnáisiúnta amach.

Bhí Paddy ina laoch i saol na hÉireann. Chuir sé ceol traidisiúnta na hÉireann agus ceol na bpíopaí uilleann ar ardán os comhair an tsaoil mhóir.

Thug príomhfheidhmeannach Na bPíobairí Uilleann, Gay McKeon, ómós do Phaddy inniu: “Píobaire eisceachtúil ann féin ab ea Paddy Moloney. Bhí sé ina cheoltóir thar a bheith cruthaitheach agus ina ealaíontóir cumhachtach ar ardán.

Chuidigh sé go mór le ceol na hÉireann a chur ar fáil do dhaoine fud fad an domhain agus, fríd é sin a dhéanamh, tharraing sé aird ar fhuaim leithleach na bpíopaí uilleann. Bhí ról ceannasach ag Paddy i mbunú Bhord na bPíobairí Uilleann sa bhliain 1968 i gcuideacha leithéid Breandán Breathnach agus Séamus Ennis, agus is cinnte gur spreag sé muinín san eagraíocht úrnua fríd a chuid ceoil agus fríd a chuid oibre mar ealaíontóir. Thug sé ar ghlúin úr iomlán eile tabhairt faoi na píobaí uilleann mar uirlis agus ceol na hÉireann a sheinm. Tá duine de na healaíontóirí is tábhachtaí agus is mó clú sa tír i ndiaidh imeacht uainn agus níl léamh, scríobh ná inse béil ar mhéid a oidhreachta agus a d’fhág sé ina dhiaidh.

Thar ceann Na bPíobairí Uilleann agus phobal na píobaireachta maraon ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh lena bhean Rita, a mhic Aonghus agus Pádraig agus a iníon Aedín, leis na ceoltóirí a chaith mórán ama ag seinm leis agus lena chairde iomadúla ar fud an domhain. Leaba i measc na naomh go raibh aige.”

Rugadh Paddy i nDomhnach Cearna sa bhliain 1938. De réir mar a bhí níos mó daoine ag léiriú suime i gceol traidisiúnta na hÉireann chuir Paddy dúil sa cheol céanna. Tharla sé go mbeadh sé ar dhuine de na daoine a chuirfeadh síol an cheoil ag fás i gcré an domhain.

D’fhoghlaim Paddy ón sár-mháistir píobaireachta Leo Rowsome sna 1940í agus bhain sé cáil amach dó féin mar cheoltóir óg cumasach. Ina dhiaidh seo thosaigh sé ag seinm le Ceoltóirí Chualann faoi Sheán Ó Riada agus bhunaigh sé Na Chieftains sa bhliain 1962.

Sheas Paddy chun tosaí i measc cheotóirí ár linne lena chumas cóirithe agus lena thaifeadadh ceoil le The Chieftains. Ag deireadh na 1960í agus na 1970í chuidigh a shaothar mar léiritheoir le Claddagh Records seasamh ealaíonta ar leith a bhaint amach chan amháin in Éirinn ach thar lear fosta.

Bhí Paddy rí-lárnach d’fhuaim The Chieftains lena chuid ceoil ar an phíb uilleann agus ar an fheadóg. Bhí sé ábalta agus cumasach mar ealaíontóir agus, thaire seo, de bharr go raibh sé ina shár-léiritheoir comhoibritheach bhain an grúpa cáil amach ar fud an domhain. Bhí bród orainn uilig go léir astu agus is boichte de thír í Éire inniu.

Go raibh siad beirt leis an buíonn mór ceolteoirí atá imithe uainn sa bhflathas cheana. Nach íontach agus draoíochtúil an ceol a beidh le cloisint ag na naoimh agus ag na haingil go deo!

@Napiobairi #Ceol

No comments:

Post a Comment