14.1.13

Bás nó beatha?

Tá an ginmhilleadh i mbéal an phobail le tamall. Is cosúil gur chuir bás brónach i nGaillimh i Mí na Samhna a chuir an ábhar ós ár gcomhair. (Scríobh mé faoi ag an am). Deirtear gur ceist chásta atá ann agus ar bhealach amháin tá sé.

Ar thaobh amháin táid ann a chreideann nach duine an féatas atá istig i mbronn a mháthar nuair a gintear é. Ní dóigh liom go bhfuil comhaontú i measc na daoine sin cathainn a thosnaíonn an "daonnacht" seo sa bhroinn, nó nach duine atá ann go dtí go beirtear é!

Ar an taobh eile, mar atá mé fhéin, táid ann a chreideann gur duine atá ann ó thús, ón ginneadh féin. Mar sin más ginmhilleadh atá i gceist is cinneadh a chuireann deireadh le beatha duine daonna atá ann.

Deireann Bunracht na hÉireann:
    Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha  agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a  beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin  agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe  sa mhéid gur féidir é. 

    Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun taisteal idir an Stát agus  stát eile. 

    Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur  ar fáil sa Stát maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile  ach sin faoi chuimsiú cibé coinníollacha a fhéadfar a leagan síos le dlí. (40:3)
Mar sin tá cineál admháil anseo gur "beo" atá an "féatas" istigh i mbroinn an máthair cé nach deireann sé cathain a thosaíonn an "beocht" seo.

I nGaeilge tá sé soiléar céard tá i gceist leis an bhfocal "ginmhilleadh." Tá miniú níos leithne ag an bhfocal Béarla, "abortion!" D'fhéadfadh "abortion" a bheith ann nach ginmhilleadh í mar, chuir i gcás, breith anbaí.

Mar sin dár liomsa tá sé mícheart ginmhilleadh, sé sin deireadh a chuir le beatha an "beo gan breith," más sin an aidhm atá ann leis an gníomh. Tá sé chomh mícheart dár liomsa le deireadh a chuir le saoil éinne eile, crochadh nó bású d'aon saghas eile.

Ar ndóigh tá an ceart ag duine í féin agus a beatha a chosaint i gcónaí. Ach an féidir a rá go bhfuil leanbh i mbroinn i ndán duine a mhárú?


9.1.13

16 ar ghearrliosta ag TG4

Tá sé ainmniúchán déag faighte ag cláracha agus pearsain de chuid TG4 sa nGearrliosta do Ghradaim IFTA 2013 (Béarla) a fógraíodh le deanaí. I measc na n-ainmniúchán, tá Carrie Crowley molta do dhuais an bhan-aisteora teilifíse dá páirt sa sraithdhráma Rásaí na Gaillimhe II. Beidh an tsraith sin san iomaíocht don Duais Ghaeilge freisin mar aon leis an scannán faisnéise Lón sa Spéir agus an saothar staire Scéal na Gaeilge.

Tá an clár faisnéise Faoi Gheasa ag an Quiet Man gearrliostáilte freisin mar aon le Ó Tholg go Tolg, Congo 1961 agus trí shaothar le cúlraí spóirt Jockey Eile, agus Jump Boys (rásaíocht) agus The West’s Awake (rugbaí). (Tá liosta iomlán ainmniúchán IFTA TG4 ar fáil thíos.

Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóir éagsúla. Foilsítear an gearrliosta ag tús na bliana agus fógraítear agus bronntar na duaiseanna IFTA féin ag ócáid ghalánta i mí Feabhra (9 Feabhra i mbliana).

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir, a gcuid ainmniúchán ar fad leis na léiriúcháin le TG4 atá ar an nGearrliosta IFTA. Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo. “Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo,” a dúirt sé.

“Táimid an bhródúil as an uimhir ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na faisnéise agus an spóirt. Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú.”

7.1.13

Báisteach!

Neart uisce sa gharraí ó dheas!
Tá sé oifigiúil! Bhí 2012 an-fhliuch! Bhí sé níos fluiche ná an meán i mbeagnach gach aird den tír dár leis an Oifig Meitéareolaíochta nó MET Éireann ina achoimre bliaintiúil (pdf Béarla).

Uisce, uisce i ngach aon áit. Ní cuimhin liom an méid seo báisteach go leanúnah ríamh i mo shaol.

Tallamh báite!
Ní deireann sé gurb é a bliain is fluiche ó thosaigh siad ag bailiú eolas ar chúrsaí aimsire, mar a thárla i Sasana, ach is cosúil go bhfuil sé an-ghearr dó. Tá alt spéisiúil ag Met Éireann faon mbáisteach in Éirinn le léarscáil den meán ó 1981go dtí 2010 ann

Pé scéail é anseo i gConamara tá an talamh báite leis an uisce. Is beag gharraí sa chomharsanacht nach bhfuil coirnéal nó níos mó ina riaisc phuitigh nó ina lochán fiú!

Agus inniú tá sé ag báisteach aríst.

An stopfaidh sé go deo?

31.12.12

Ár gcara sráide!

Tá cara beag again  anseo i gCaorán na gCearc. Glasóg sráide atá ann. Bíonn sé amuigh ar an sráid ós comhair an tí beagnach chuile maidin agus anois tá sé de nós againn grabhóga aráin a caith amach ansin dó. Uaireanta tagann cáirde leis (nó léithí ní fios dom a inscne!) le píosa den fhlúirseacht a roinnt leis. Má thagann muid chuig an doras eitlíonn siad ón áit ach seasann ár gcara gan eagla.

Tá scéal ann faoin stampa a d'éisigh An Post. Anois is arís bíonn fadhb an síne fada a chuir ar ghuta i nGaeilge má tá cló leictreoineach á úsáid. Is cosúil gur thárla san agus iad ag chuir an stampa seo i gcló. Níor thug éinne faoi deara nach raibh an litriú i gceart ar ainm an Ghlasóig ar an stampa féinghreimiú. In ionad "ó" agus "á" bhí "U" agus ".". Níl fhios agam ar cheartíodh an botún seo níos deanaí. Le fada ar ndoigh bhíodh "Eire" inionad "Éire" acu ar na stampaí. (Féach "Díspeagadh An Post" beagnach deich mbliain ó shin!)

Ar ndóigh is cosúil nach cáirde iad muintir An Phoist don Ghaeilge agus tá píosa scríofa faoin a pholasaí i leith na Gaeilge agus ainmneacha Oifigí Phoist sa Ghaeltacht scríofa cheana féin - Gníomh na péinte duibhe!!

14.12.12

Bullaíocht!

Tá olc orainn go léir cloisint faoi bullaíocht agus na torthaí thruamhéalacha a thagann as go mór mór don íosparptach. Bhí an scéal i mbéal an phobail aríst i rith na seachtaine.

Rinne comhlucht maragaíochta Fusion (Béarla) rud éigin faoi. "Is é seo an freagra atá againne ar bhulaíocht ar líne. Tá ról againn ar fad anseo!" Cruthaíodar postaer le cabhrú linn ar cad ba cheart dúinn dhéanamh chun chur i aghaidh an fhadhb iomparaíochta seo. Tá sé le fáil i mBéarla chomh maith le Gaeilge!



Deireann siad: "Déan do chion féin – cuir ríomhphost chuig design@fuzion.ie chun comhad a fháil atá réidh le priontáil!"

10.12.12

Béal Bocht agus an Taoiseach!

Tá An Béal Bocht, ceann de mhórleabhair na Gaeilge foilsithe ag Cló Mhaigh Eo mar úrscéal grafach, é cóirithe ag Colmán Ó Raghallaigh, in eagar ag Breandan Ó Conaire agus maisithe ag John McLoskey. Sa phictiúr thuas i dTithe an Rialtais leis An Taoiseach Enda Kenny TD, tá Grainne Ní Raghallaigh agus Colmán Ó Raghallaigh (Cló Mhaigh Eo).

"Áit faoi leith ann féin is ea Corca Dorcha agus daoine gan a gcomhacasamhail a mhaireann ann."


5.12.12

Maidin fuair!

"Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil...."
Ní raibh mé i ndán codladh agus ag an am ceanna níor léigh mé mo uaireadóir i gceart. Mar sin d'éirigh me go luath, ró luath, ar maidin.

Bhí sioch ann ach ós rud é go bhfuil m'oifig sa teach agam ní raibh fhios agam gur chuala mé Gráinne Ní Dhomhnaill á rá ar Nead na Fuiseoige. Shúil mé amach faoin aer ansin agus b'fhíor dí. Bhí sé fuair, an-fhuair.

Is beag scamall a bhí sa spéir. Bhí réalt san oirthear, plainéad éigin, níl mé cinnte cén ceann, Iúpatar i bhfad uainn nó Véineas níos congaraí dúinn. Bhi solas buí oráisteach dearg mar cineál bóna ag bun na spéire agsu a griain ag iarraidh éirí ag tús an lae.

Smaoiníos ar fhocail an amhrán:

...Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil 
'S mé gabhail fá'n choill chraobhaigh 's mé seoladh bó
Tharla dhom an spéirbhean 'na suí ar an léana
'S a fallaing léithe 's í lán de ghnó....


Ghlach mé pictiúir! An maith leat é?


1.12.12

Foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh!

Tá an scéal brónach, truamhéileach, faoi chlann Shavita i nGaillimh a chaill a céad ghin agus beatha an máthar in oispidéal na Gaillimhe i mbéal an phobail le coicís anuas. Tá se deachair a shamhlú cé chomh chroí bhriste is atá a fear agus tuigfeá a fhearg agus é ag lorg freagra ar a chuid ceisteanna.

Lus míonla goirt
Tá meoin nó aigne na hudarais, idir an FSS agus an Roinn Sláinte, deachair le tuiscint nuair nach ndearna siad teangabháil leis an fear agus an teangabháil leis a leanúint go dtí go raibh pé fhiosrú a bhí le déanamh déanta. Bhí sé scannalach go raibh air dul chuig na nuachtáin chun go dtosódh aon fhiosrú!

Dár liom tá an-mhíthuiscint ar an gcás fhéin agus má tá firinne ar bith sa tuairisc a thug a fear, tá an-cheist le freagairt. Cén fáth gur diúltaíodh cóir leighis ceart a thabhairt don bhean seo agus a leanbh?

Tá sé easca orainn, nach raibh ann, breithiúnas a thabhairt ach sílim go bhfuil "Lucht an ginmhilte" agus "Lucht Frith-Ghinmhilleadh," ag dul thár fóir leis. Tá an-chuid ag déanamh ceangal leis an gcás cáiliúil "X". Ní dóigh liom go bhfuil ceangal ar bith leis sin. Tá an ceangal sin ag ceapadh gur ginmhilleadh a bhí ón gclann, agus bfhéidir gur usáid siad an focal Béarla "abortion" ach tá mé ag ceapadh gur focal eile a úsáid siad, an focal "terminate the pregnancy." Sa Ghaeilge áfach is féidir an difir a fheiscint go soiléar. Rud a thug síciatraí le fios ar chlár ar Raidío na Gaeltachta cupla lá ó shin. Bhí alt maith (Béarla) ag Breda O'Brian in Irish Times ar an Sathairn a mhínigh an pointe seo go beacht soiléar.
Dom fháisceadh idir dhá bhró mhuileann (Alan Titley, Irish Times 5/12/2012)
Dár liom fhéin níl an rud ar a dtugtar "Ginmhilleadh" dlithúil nó fiú ceart. Is milleadh atá i gceist, sé sin deireadh a chur leis an leanbhín istigh i mbruinne d'aon ghnó. Ach más "Foirceannadh Toirchis" atá i gceist is scéal eile atá i gceist. Ón méid atá ar eolas againn go dtí seo níl aon rud sa dlí nó sa Bhunracht (ná i dteagasc na hEaglaise Chaitlicí) i gcoinne "foirceannadh toirchis," i gcás Shavita.

Tá áfach fadhb sa dlí maidir le cás X nach ndearnadh rud ar bith faoi ón gcás cúirte truamhéalach sin. Tá ar an Rialtas dlí a rith a déanfadh soiléar cás mar sin, go mór mór i gcás bagairt féin-mharú an máthar i gceist.

Sílim féin gur ceart dóibh, mar a mholann Breda O'Brien, dlí, ní chun deireadh a chur le saoil an pháiste, ach chun saol an mhathar a shabháil.

Ach thár aon rud eile ní mór dúinn smaoineamh agus gan dearmad a dhéanamh ar bhrón agus ar bhriseadh chroí atá ar Phraveen, chéile Shavita. Pé rud a thárla, tré mhí-thuiscint ar an dlí, nó diognóis mícheart, is ag caint faoi clann, daoine daonna atá scriosta in ár dtír féin agus iad i bhfad óna dtír fhéin.

20.11.12

Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882


Beidh ócáid chomórtha ar siúl i nGaillimh i lár mhí na Nollag mar ómós do Mhaolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach 130 bliain ó shin. Ciontaíodh é as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa bhliain 1882: crochadh agus cuireadh é ar láthair phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.
Ceantair Mhám Trasna (Pic: SÓ Mainin)
Fear Gaeltachta gan Bhéarla a bhí ann ach ní raibh aon Ghaeilge ag an dlíodóir nó ag na h-abhcóidí a bhí á chosaint os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath. Ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré agus níor thóg sé ach faoi bhun 6 nóiméad orthu teacht ar chinneadh go raibh sé ciontach. Rinneadh neamhaird dá fhianaise i nGaeilge, coinníodh siar ón gcúirt fianaise a chabhródh lena chosaint agus thug brathadóirí fianaise bhréige ina aghaidh.

Beidh an ócáid chomórtha ina ómós á heagrú i bpáirt le chéile ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Músaem Cathrach na Gaillimhe (Béarla) agus Conradh na Gaeilge. Fógraíodh eolas faoin ócáid inniu (20 Samhain 2012) cothrom an lae 130 bliain ó shin ar cuireadh deireadh le triail Mhaolra Seoighe agus ar gearradh pionós an bháis air i gCúirt Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath.

Beidh an ócáid ómóis ina thaca d’fheachtas atá ar bun sa Bhreatain ag roinnt ball de Thithe na Parlaiminte ansin faoi cheannaireacht na dTiarnaí Alton agus Avebury tabhairt ar údaráis na Breataine anois féachaint athuair ar chás Mhaolra Seoighe agus a fhógairt go raibh iomrall ceartais i gceist agus gur go héagórach a ciontaíodh agus a cuireadh chun báis é.

Uaigh Mhaolra Seoighe
Beidh gnéithe difriúla sa chomóradh atá beartaithe ar Mhaolra Seoighe Dé Sathairn an 15 Nollaig 2012, cothrom an lae go díreach ar crochadh é, 130 bliain ó shin. Beidh Aifreann ina chuimhne san Ardeaglais agus bláthfhleasca á leagan ar an áit ar crochadh é agus a bhfuil sé curtha faoin tarmac sa charrchlóis in aice na hArdeaglaise. Beidh siompóisiam i Músaem na Cathrach agus imeasc na gcainteoirí beidh an staraí, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh; an Tiarna Alton ón mBreatain, arbh as Tuar Mhic Éadaigh dá mháthair; agus Johnny Joyce ó Bhaile Átha Cliath, duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh i Mám Trasna agus as ar ciontaíodh Maolra Seoighe. Beidh taispeántais, léitheoireacht as sleachta stairiúla agus scannán de chuid RTÉ faoi Mhám Trasna mar chuid den ócáid freisin agus imeachtaí eile a bheidh le fógairt amach anseo.

Tá an clár i bhfoirm pdf le fáil anseo.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh cás Mhaolra Seoighe ar cheann de na léirithe is suntasaí agus is truamhéalaí dá raibh riamh ann ar shéanadh ar chearta teanga. “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla”. Mheabhraigh sé an méid a tuairiscíodh a dúirt Maolra Seoighe féin agus é á thabhairt chuig crann a chrochta: “Feicfidh mé Íosa Críost ar ball beag –crochadh eisean san éagóir freisin.”

Dúirt Breandan Ó hEaghra ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe go raibh áthas ar an Músaem a bheith páirteach sa chomóradh seo. “Cuid de stair na cathrach, an chontae agus na tíre é an méid a tharla do Mhaolra Seoighe. Ar nós aon mhúsaeim, tá ról tábhachtach againn i meabhrú na staire don ghlúin reatha agus do chaomhnú na gcuimhní do na glúnta atá le teacht” a dúirt sé.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge gur dheacair a shamhlú anois an éagóir a rinneadh ar Mhaolra Seoighe agus ar dhaoine eile a chaith blianta i bpríosún as dúnmharuithe Mhám Trasna. “Tharraing an cás Gaeltachta seo raic a mhair ar feadh na mblianta i bParlaimint Westminster agus bhí sé ar cheann amháin de na cúiseanna gur thit Rialtas Liobrálach William Gladstone in 1885nuair a thacaigh na teachtaí Éireannacha faoi cheannas Charles Stewart Parnell leis na Tóraithe faoi cheannas Randolph Churchill.”

As an ochtar a ciontaíodh as dúnmharuithe Mhám Trasna, crochadh triúr ach glactar leis go coitianta go raibh duine amháin acu sin, Maolra Seoighe, neamhchiontach. Cuireadh pian seirbhís saoil ar an gcúigear eile agus bhásaigh beirt acu i bpríosún. Tuigtear go raibh ceathrar de na príosúnaithe neamhchiontach freisin. As an triúr a mhair, scaoileadh saor beirt deartháireacha agus nia le Maolra Seoighe, nuair a bhí fiche bliain príosúin déanta acu i 1902.

De réir na staire agus na dtaifead oifigiúil, áfach, ba dhúnmharfóirí iad ar fad.

Fógrófar mioneolas faoin gcomóradh sna seachtainí romhainn.

16.11.12

Ceiliúradh 40 Bliain RTÉ Radio na Gaeltachta



Tiocfaidh laochra an tsean-nóis le chéile i gcathair na Gaillimhe oíche Shathairn seo chugainn, 24 Samhain, ag ócáid atá a eagrú ag Club Áras na nGael mar chomóradh ar bhunú Raidió na Gaeltachta 40 bliain ó shin.

Bheartaigh an Club nasc a dhéanamh idir chomóradh Raidió na Gaeltachta agus an amhránaíocht ar an sean-nós mar aitheantas ar thábhacht an Raidió i gcur chun cinn an tsean-nóis sa tréimhse sin.

Is í Treasa Ní Cheannbháin a bheidh mar bhean an tí don oíche agus i measc na haíonna a bheidh sa Chlub beidh laochra Iorras Aithneach, Johnnie Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha, Joe John Mac an Iomaire agus Josie Sheáin Jeaic. Ar ndóigh is iomaí amhránaí eile a bheidh i láthair chomh maith agus tá oíche den scoth geallta.

Beidh neart ceoltóirí le cloisteáil chomh maith agus cuirfear tús leis an tsiamsaíocht ag 9.30i.n.

15.11.12

An bua ag clocha Chonamara!

D'éirigh le Cuan nua Chill Rónáin an chéad duais a fháil mar an Tógra Innealtóireachta na Bliana 2012.  Is tré vótáil ar líne a roghnaíodh an tógra seo faoi choimirce BSL agus á stiúradh ag Cumann na nInnealtóirí. B'iad Punch Consulting (Béarla) as Dún Laoghaire a rinne an déaradh agus an taighde innealtóireachta agus timpeallachta.
An caladh á thógáil
Ar bhealach d'fhéadfá éacht inealtóireachta a thabhairt ar an scéim seo. Ní raibh cead clocha ón oileán féin a úsáid agus mar sin is ó Chonamara a tháinig siad. Is cuimhin liom na leoraithe móra ag gluaiseacht go trom agus an talamh ag crith futhu ag trial go Ros a'Mhíl. Is oth liom a rá gur briseadh gaothscáth an sean-charr s'againne le cloichín fánach a shaor ceann de na leoraithe ón mbóthar. Ach sin scéal eile!

Bhí costas an mhór ar an tionscadal de breis is €39m ach is fiú go mór gach pingin leis an feabhas atá ar shaol pobal Inis Mór. Anois tá caladh mór atá sabháilte ón dian-fharraige agus stoirimeacha Atlantach agus a thugann fothain do bháid agus réadmhaoin eile muintir Chill Rónáin. Scéim ollmhór atá ann agus clúdaíonn an calafort nua acair atá chomh mór le dhá oiread Pháirc an Chrocaigh. Tá an tonnchosc leath ciliméadar ar fháid.

Dúradh ag an tiolcadh san Ostán 4Seasons (Béarla) i mBaile Átha Cliath go bhfuil saol na ndaoine feabhsaithe cheana féin ag an gcaladh nua.

14.11.12

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle!

Tá Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle, ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, le foilsiú i mí na Samhna 2012.

Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.

Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban.

Beirt léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide – Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich – a chuir an leabhar in eagar. Tá sé á fhoilsiú ag An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht.

Deir Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”
Bhí slua mór de phobal na Gaeilge i láthair i gColáiste na Tríonóide Déardaoin 22 Samhain nuair a seoladh ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle.

11.11.12

Muic ag eitilt?

Dúradh ar RTÉ ar maidin go mbeadh sabháilt de leath milliún Euro tré tosú ar vótáil sa Reifreann ag a naoi ar maidin. Is maith an rud é sin.

Dleathach
Ní deirtear linn cé tá chun an €1.1m a caith an Rialtas go mí dleathach a íoch thár n-ais chuig poball na tíre. Cé go raibh roinnt a cheap go raibh sé mídleathach an labhrán agus suíomh a fhoilsiú ag aon Ranna Rialtas ar an ábhar, go mór mór nuair atá Comisiúin dleathach ag obair ar an obair céanna agus a cosnaíonn níos mó na €1m chomh maith.

Mídleathach
Rinne an Cúirt Uachtarach breithiúnas ar an gcás (Béarla) ar an nDaoirdaoin agus bhí ar an Rialtas an suíomh idirlíon a dhúnadh. Níorbh fhéidir leo aon rud a dhéanamh faoin labhrán claonta nó faoin mbutún atá ar leathannach naoi den labhrann (Leath 8 sa leagan Bearla) nó faoi na fógraí aontaobhach a bhí sna nuachtáin.

Beidh an breithiúntas iomlán á fhoilsiú ag an gCúirt ar ball agus ansin feicfidh muid cé tá chun an aisíoch a dhéanamh, nó mar a dúirt duine éigin ar twitter "pigs might fly!"

Is cinnte áfach go chuir cinneadh na Cúirte isteach ar an méid daoine a bhí sásta teacht amach le vótáil.



28.10.12

Clocha, carraigeacha agus ciúnas!

Dún Chunchúir
Bhí mo dheartháir sa bhaile ón a pháróiste sa Róimh agus tháinig se anse chugainn i gCaorán na gCearc ar feadh cupla lá.

Slán leis an gCodú!
"An bhfuil seans againn dul amach go hÁrainn?"

"Má tá an aimsir go maith!" arsa mé.

Bhí sé scammalach ar maidin ach chinneamar dul. I ndiaidh Aifreann rinneamar ceapairi agus líonamar buidéil le huisce.

"Cén oileán?" a dúirt me. Is cuma liom a dúirt sé. Bhíomar beirt ar Inis Mór cheanna, agus cé go raibh mé fhéin ar Inis Meáin fadó sna hochtóidí chinneamar dul ansin.

Tá áit cuíosach nua ag na báid i Ros a'Mhíl agus bíonn dhá bád ag dul amach gach lá ag an gcomhlucht bháid farantóireachta, ceann amháin go h-Inis Mór agus an ceann eile go dtí an dá oileain eile. Fagann siad an calafort ag an am céanna gach maidin - 10.30 - agus ar an Máirt se d'fhagadar i n-am.

Ba turas maith timpeall daichead neomad a bhí againn. Agus thug mé beannacht don Codú, atá mar ainm ar an mblag seo agam, ar an mbealach amach.

Cé go raibh sé scamallach agus ceomhar go leor ní raibh sé ag báisteadh. D'imigh an mór thír (nó Éire) as radharc go sciopadh agus ansin bhíomar ag an caladh nua atá tógtha ag Inis Meáin.

Ansin thosnaíomar ag siul.
Ni fada go dtí go rabhamar ag an aerstraice. Níl mórán tithe ar an taobh sin den oileán ach mar sin féin bhí sé soiléar go raibh na garrai glás néata agus bhí na fallaí árd agus dorcha, ní cosúil le Conamara ar chor ar bith. Is aoilcloch atá ar Árainn agus cloch eibhir geal atá anseo i gConamara. Thugamar faoi deara cé chomh ciúin is a bhí an áit. Ní raibh duine nó deoraí le feiscint ann.

N Caomhán
Diaidh ar ndiadh thánagmar chuig an áit a raibh na tithe agus bhí cor daoine le feiscint anseo is ansiúd.  Tá an taobh seo den oileán ar cineál ardán agus tá dhá sean dhún ann, Dún Fhearbhuí agus Dún Chonchuir. Thugamar aghaidh ar Dhún Chonchuir atá sa baile beag atá ann ar a dtugtar Móinín na Ruaige. Is ansin atá an séipéil agus Teach Synge chomh maith.

Bhí an séipéil ar oscailt agus chuamar isteach ann. Séipéil álainn atá ann, fuinneoga breatha de chuid stiúideo Harry Clarke agus an altóir deartha ag athair na bPiarsach. Is fiú go mór dul isteach ansin chun iad a fheiscint agus ar ndóigh "Hello!" a rá leis an Tiarna!

Agus ár  n-ágalamh leis an Tiarna thart chuamar ar aghaidh thar Theach Synge, a bhí dúnta (tá séasúr na turasóireachta thart) agus uaidh sin go dtí an Dún féin.  Tá sé ar bharr chnoic leis an cianta. Chuamar isteach ansin agus bhí lón istigh ann againn mar bhí fothainn ón gaoth ann.

Áit ársa mór atá ann. Chuirfeadh sé íontas ort  cé chomh mór is atá sé. Tá na ceisteanna ann leis nach bhfuil freagra le fáil orthu, agus seans nach mbeidh go deo. Cé thóg é? Cén fáth a dearnadh é? Ar bhealach bhí se cosúil le h-iarsmaí atá in Arizona sna stáit ar nós Caisleán Mhontatsuma, cé go bhfuil Dún Chonchúir i bfhad níos sine - agu níos fuaire!. Ach árdaíonn sé na ceisteanna céanna. Cé thóg é? agus cén fáth gur thréig siad an áit?

Ingearán
Shúileamar ansin go mall ar ais chuig an chaladh. Faoin am seo bhí an ghriain ag iarraidh teacht amach dúinn. Bhí nios mó daoine amuigh agus bhuaileamar le roint a bhí ag siúil. Tá an talamah "an-tanaí" anseo agus in áiteanna níl ithir ar bith ann. I ngarraí eile is ithir a deineadh leis na cianta as gainimh agus feamainn atá ann, ithir a deirtear liom, atá an toirtiúil.

Faoin am seo bhíomar ag dul thár trá a bhí lán de eineacha difriúil ag lorg beatha sa gainimh, san fheamainn agus ar ndóigh san uisce. Chonaic mé Cor Éisc ina measc agus broigheall agus dosaen nó dhó d'eanacha a cheap me gur géanna fíáine a bhí iontu ach ní saineolaí mé.

Bhí an grian amach faoin am seo agus shroiceamar an caladh díreach ag an am céanna agus a bhí ingearán ag teacht i dtír ag an aerstraice.  Ba chuid den cabhlach aertharrthála ag cleachtadh a bhí ann is dócha.

Bhí an bád beagáinín déanach ag teacht anoir as Inis Oírr ach tháining sé ar deireadh le sin a thabhart abhaile go Ros a'Mhíl áit ar ar bailíodh muid le dul abhaile chuigh béile deas blásta agus te. D'fhagamar slán le h-Inis Meáin le smaointe maithe d'áit, clochach, carraigreacha agus ciúin. Áit éagsúil.
Slán le hInis Meáin


• Tá learscáil in aice leis an gcaladh le trí lúbanna márcáilte, ach cé go bhfuil na logainmneacha i nGaeilge ar is i mBéarla amháin atá na treoracha. An rud céanna faoin suíomh turasóireachta atá ag Bórd Fáilte ar líne, muna bhfuil Béarla agat is beag a cabhair atá ionta.

Tá pictiúirí eile a tógadh ar an dturas le fáil anseo!
Inis Meáin 2013

11.10.12

Aggiornamento!

Caoga bliain ó shin osclaíodh Comhairle na Vatacáine sa Róimh. Bailíodh níos mó ná dhá mhíle easpag in Eaglais Mór Naomh Pheadair don fichiú chomhairle dá chineál.

Tá an Pápa Benedict XVI á gcomóradh tré Bliain an Chreidimh a fhógairt ón lá seo le smaoineamh agus guidhe ar thorthaí na Comhairle. Tá an méid sin rudaí gur féidir a rá faoi agus tá an-mhí-thuiscint air na Doiciméidí a thánaigh amach as. Bhí sé le "fuinneoga na hEaglaise a oscailt le seans a thabhairt don Spiorad Naomh séideadh i ngach áit inti," mar a dúirt Eoin XXIII.

Tháinig an-chuiod athraithe as an gComhairle ar ndóigh agus tá tuilleadh le theacht. Ach ar bhealach tá teipithe ar muna dtuigean muid toil an Spiorad Naomh céanna. B'fhéidr go bhfuil aidmm an Chomhairle agus aidhm na hEaglaise féin i bhfocail an fáidh Míoca fadó:

"Míníodh duit a dhuine, céard is maith agus cad a iarrann an Tiarna ort?

Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, an buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé!"

Conas atáim inniu?

2.10.12

Ag eitilt le hiolair...

Thugamar cuairt ar áit álainn, nach raibh aon eolas agam faoi go dtí cúpla lá ó shin.

Scréachóg reilige
Gearr do Bhaile an Mhóta i gContae Sligeach atá Láriond Taighde Éin Chreiche na hÉireann (Béarla) agus molfainn d'éinne chuairt a thabhairt ar an áit chun an obair atá ar siúl ann leis na hulchabháin, na híolair, seabhaigh agus bultúir. Níl siad gaolta lena chéile ach amháin gur éin a déanann fiach nó seilg ar ainmhithe nó éin bheaga don chuid is mó. Tá gob cúrán acu agus gríobh mar chos acu.

Tá ceithre cineál ann agus táid le fáil thar timpeal an domhain. Tá eolas éigin ar a suíomh idirlín acu ach is fearr go mór dul ann agus foghlaim ó na heolaithe ann. Fuaireadar aitheanta mar Zú EU cúig bliain ó shin. Ach ní gnáth zú atá ann mar molann siad do lámh a chuir ar na hainmhithe tú fhéin. Is íontach go deo iolar nó ulchabhán a bheith ina seasamh ar do dhorn.

Chuirtear na héin ag eitilt dhá uair i rith an lae ar maidin agus sa iar nóin.

Fiú muna bhfuil spéis agat sna cúrsaí seo is áit álann an áit le cuairt a thabhairt air chun an grá soiléir atá á thaispeáint ag lucht an ionaid a fhéiscint.

17.9.12

"Éirí na Gréine" i dTuaim

Eagrán eile de New Dawn le fhoilsiú!

Tar éis chomh maith is a d’éirigh leis an gcéad eagrán de’n Irishleabhar ‘New Dawn’ – Iris de chuid choiste Tréadach na Deoise – deirtear linn go mbeidh seoladh an dara eagráin ar an Deardaoin beag seo, 20ú Meán Fómhair ag 6.30 in san Ostán Árd Rí i dTuaim.


Aifrean Naofa ag Máiméan
Féile Mhic Dara ar a Oileán
Jim Carney, iriseoir spóirt RTÉ (Béarla) agus an Tuam Herald a sheolfas an t-eagrán seo.

San eagráin seo beidh cur síos ar mór-imeachtaí creideamh an tSamhraidh seo, an lá mór ar Chruach Phádraic, Oilithreacht go Máméan, Féile Mhic Dara, Nóibhéine go Cnoc Mhuire, chomh maith le neart scéalta eile ó na paróistí Gaeltachta agus Galltachta sa Deoise.

Ós rud é go bhfuil Co. na Gaillimhe agus Co. Mhuigh Eo suite i gceart-lár na Deoise agus an dá chondae i gcraobh na hÉireann san iomáint agus sa pheil ins na seachtainí ós ár gcomhar – tá altanna ann a bhaineann leis sin freisin.  

Galiimh Abú! 

Muigheó Abú!

Táthar ag súil go mbeidh eagrán nua ’chuile trí mhí. Beidh an chéad eagrán eile amuigh romh na Nollag. €3 an costas. Beidh sé ar fáil sna paróistí an deireadh seachtaine seo chugainn.

Ar ndóigh bíonn gearán ó daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil mórán san iris i dteanga na Gaeltachta agus tá daoine eile a deireann go bhfuil an iomarca i nGaeilge ann. I nDeaoise chomh mór leis an Árd Deoise seo ina bhfuil áiteanna chomh h-éagsúil le Árainn i mBá na Gaillimhe agus Tuar Mhic Éadaigh, Inis Bó Finne agus Caisleán a'Bharraigh agus le teorannacha atá deacair a thuiscint in áiteacha, ní nach íonadh go mbíonn deachtaireacht déileál leis in aon iris amháin.

Mar sin féin chuireann an Eagarthóir fáilte roimh altanna go mór mór altanna i nGaeilge.

12.9.12

Rós aonarach!

Bhí mé amuigh ag siúl, ag lorg breis sméara dubha, nuair a chonaic mé dáth bán dearg i measc na luachra.

Cheap mé go mbfhéidir gur bláth neamhghnach a bhí ann agus rinne iarracht dul amach chuige chun pictiúir a ghlacadh. Rud a rinne mé ach ní sular bathadh mo dhá chois sa riaisc.

Cad a bhí ann ach rós fiáin agus ní sampla mhaith a bhí ann ach bhí sé go hálainn leis féin sa bhfásach fliuch sin.

3.9.12

Fomhair nár chuireamar!


Tá an fomhair i réim nuair a feictear na sméara dubh go tiubh ar na fáil sceacha ar thaobh an mbóthair. Anseo ar an gCaorán bhíomar amuigh á bhailiú i rith na seachtaine agus táid fós ag dubhú ar na sceacha. D'fhéadfadh planda amháin a nochtú agus an maidin dár gcionn bheadh tuilleadh le fáil.

Deirtear linn gur beag daoine a bhaileann sméara dúbha anois. Ní thuigim cén fáth mar níl rud ar bith chomh deas le subh nó tóirtín déanta asta agus deirtear liom ag ise istigh go bhfuil sé éasca go leor subh a dhéanamh astú. Ní bheadh fhios agamsa mar is mise an té a itheann agus nach ndéanann aon rud sa chistin!

Ach tá mé go maith á phiocadh mar ní ithim iad agus mé obair, rud nach bhfuil fíor ag páistí, agus iad atá óg ina gcroí, mar de gnath itheann siad níos mó ná a bhailíonn siad!

Nach íontach go deo an nádúr Dé a thugann rudaí chomh deas agus milis saor in aisce dúinn. Moladh go deo leis!