11.5.11

Grand Prix ag TG4

Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla)  i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.

Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.

Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.

D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”

1 comment: