22.2.10

Ganntanas uisce

D'éiríomar déanach maidin inné.

Dúirt mo bhean ar maidin inné go raibh an brú uisce an íseal. D'fhéachas air mé fhéin agus bhí sé an-íseall ach ar a laghad bhí uisce ann.

Bhíomar ró-dhéanach le dul chuig an Aifreann i dTeach Phobaill na Tulaigh agus chuamar chuig séipéil an Chnioc. Cé gur fearr liom an Ath Colm ar an Tulaigh ag léamh Aifreann agus is fearr liom an séipéal ansin, is mairth liom séipéal an Chnoic atá i bhfad níos sine ná an ceann eile atá níos lua ná 50 bliainn togtha! (Sé an cead eaglas a tógadh in Éireann de réir na rúibrící nua liotúirge ó Comhairle Vatacáine II sna seascaidí! An céad ceann a tógadh leis an altóir amach ón chul bhalla!)

Thánamar thár n-ais agus bhí an brú as an sconna níos lú.

Chuamar amach ar siúlóid ansin. Thiománamar siar chuig Cheantair na nÓileán. Tá sé de nós againn siúl isteach i nGarmna, ceantair na Trá Bháine. Lá fuair grianmhar a bhí ann. Ní rabamar ann le roinnt mhaith míonna agu chuir sé íontas an obair a bhí deanta ag an-chuid de na titheanna ansin. Is cuimhin liom fadó nuair a bhí an áit sin beo bocht. Buíochas le Dia go bhfuil feabhas chomh mór sin in ár saol.

Thár n-ais ag an teach agus bhí an t-uisce imithe ar fad. Maidin Domhnach gan uisce agus ní raibh éinne ag an Comhairle Chontae. Ni raibh uisce ag éinne eile sa cheantair. Chaill muid an nuacht ar Raidío na Gaeltachta má bhí tagairt don briseadh seirbhís luaite ann.

Chualamar ó na comharsana go raibh píopa briste i Ros a'Mhíl agus go mbeidh sé socraithe acu inniú.

Nár laige Dia a lámha!

19.2.10

Raidío idirlín ar an árdminicíocht!

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus tá foirne sráide á lorg againn le cabhrú lenár gcraoladh beo ar FM timpeall na tíre a phoibliú i mí an Mhárta.

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, agus beidh le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil.
Más duine bríomhar, spreagúil tú le Gaeilge líofa atá ar fáil ar feadh cúpla uair a chlog lá amháin in aghaidh na seachtaine le linn Mhárta 2010, tá Raidió Rí-Rá ag lorg do chuid ama agus do chuid fuinnimh!

Bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie ach beidh an cairt-stáisiún le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010 agus táimid ag eagrú foirne sráide chun cuairt a thabhairt ar scoileanna sna cathracha seo.

Beidh foirne sráide Raidió Rí-Rá ag dul ar cuairt go ranganna scoile chun labhairt leis na daltaí as Gaeilge agus chun cluichí le duaiseanna beaga a chur i láthair leo, agus beidh deis ag roinnt de na daltaí ádhmhara labhairt beo ar an aer lenár láithreoirí sa stiúideo fiú!

Ní gá le gach saorálaí ach cúpla uair a chlog a chaitheamh ag cabhrú le Raidió Rí-Rá lá amháin in aghaidh na seachtaine i mí an Mhárta le cuairt a thabhairt ar uasmhéid cúig scoil ina gceantar áitiúil ar an iomlán.

Cuirfidh Raidió Rí-Rá na duaiseanna agus gach ábhar do na cluichí ar fáil do na foirne sráide leis an spraoi agus an Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna áitiúla i do cheantar.

10.2.10

Club leabhar

Fadó, fadó bhí eagraíocht ann ar a dtugtaí An Club Leabhar a bhí á reachtáil, más buain mo cuimhne, ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Inniú fuair mé an nuacht seo a thosaigh mé ar an turaisín beag seo na smaointe!

Is é an t-úrscéal Sobalsaol le Pádraig Standúin ceann de na leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.

Tá tionscadal nua, Clubleabhar.com, á sheoladh ag Gaelchultúr an mhí seo a bhfuil sé mar aidhm aige daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun a bheith ag léamh leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm ag lucht a bhunaithe chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.

Beidh ócáid seolta Clubleabhar.com ar siúl ó 6.00 p.m. Déardaoin, 18 Feabhra 2010 sa Curved Street Café, Filmbase i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath.

“Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub ag www.clubleabhar.com,” a deir Sara-Jane Ní Ghabhann ó Ghaelchultúr, “agus níl aon táille i gceist. Beifear ag díriú ar leabhar nua gach mí agus beidh deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Beidh fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bheidh á bplé, rud a éascóidh an léitheoireacht go mór.

“Tá sé beartaithe againn leabhair a bheidh róchasta agus acadúil a sheachaint. Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh ghearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Beidh meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló.”

Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

Tugtar liosta ar an suíomh chomh maith de na siopaí leabhar in Éirinn ina bhfuil leabhair Ghaeilge ar díol agus tá nasc ann chuig na cinn ar líne mar litríocht.com agus siopa.ie, rud a fhágfaidh go mbeidh sé éasca ag baill Clubleabhar.com na saothair á bheidh á bplé a cheannach.

Déanfar léirmheas ar leabhar na míosa ar an gclár Gaeilge ‘Splanc’ ar an stáisiún raidió Newstalk 106 chomh maith agus beidh nasc chuig podchraoladh den chlár seo le fáil ar Clubleabhar.com. Déantar Splanc’ a chraoladh gach Dé hAoine, 10.00 – 11.59 p.m.

Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ag an gComhairle Ealaíon.

7.2.10

Meath meabhrú!

Nach aisteach an rud é a bheith sean.

Caith mé an deireadh seachtaine le mo mháthair. Tá sí os cionn deich mbialiana agus ceithre scór d'aois. Tá an sláinte maitb go leor leithí ó thaobh an choir de ach an a chuid sláinte intinne atá go dona. Tá néaltrú seanaoise go tiubh uirthí anois. Tá fhios aicí go bhfuil aithne aici orm ach níl tuairim aici cé mé, nó cé iad mo dreatháireacha.

Mar aon leis seo tá sí ag cailliúint a cuimhne ar chonas rudaí simplí a dhéanamh agus tá air duine freagrarach a bheith léithí i gcónaí.

Is mór an trua é seo, duine a bhí príobháideach, coimeádeach, bua na stíle uirthe agus í óg agus anois ní thuigeann sí nuair nach bhfuil a cuid éidí uirthí i gceart, nó a cuid gruaige míshlachtmhar. Nuair atá sí ag caint le daoine gan deathuiscint, go neamh discréideach. An t-aon rud atá fágtha aici ná a grá don Aifreann agus tógtar amach chuig an Aifreann gach maidin.

Is mór an bron atá orainn deireadh saol duine a bhí chomh tabhachtach inár saol. A té a thug grá gan teora dúinn.

4.2.10

Gradam Ceoil TG4

Is ar an bpíobaire cumasach as Carna, Seán McKiernan, a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2010. Fógríodh an liosta buaiteoirí do na Gradaim éagsúla ag nuacht ócáid i gceannáras Na bPíobairí Uilleann (Béarla) i mBaile Átha Cliath.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar cheoltóir óg as Co Dhún na nGall, ar amhránaí ildánach as Fear Manach, ar bheirt dearthár as iarthar Chorcaí as a gcumas cumadóireachta, ar fhear den shloinne atá luaite le ceol sa bpríomhchathair le céad bliain agus ar mhúinteoir as Corca Dhuibhne ó dhúchas a bhunaigh agus a d’fhorbair ceann de na hinstitiúidí ceoil traidisiúnta is cáiliúla ar domhan.

Seo liosta na nGradam do 2010:
  • Gradam Ceoil TG4 - Seán Mc Kiernan
  • Ceoltóir Óg na bliana - Aidan O’Donnell
  • Gradam Saoil - Seán Potts (ar dheis)
  • Cumadóirí na Bliana - John agus Finbarr Dwyer
  • Gradam na gCeoltóirí - Muiris Ó Rócháin

  • Bronnfar seic €5,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll ar bhuaiteoir Ghradaim Ceoil TG4 2010, ar Sheán McKiernan. Gheobhaidh Aidan O’Donnell, Ceoltóir Óg na Bliana, seic €2,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Gheobhaidh na buaiteoirí eile €1,000 an duine agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman (Béarla) ar an Satharn 27 Márta 2010, á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus craolfar na himeachtaí ar chlár speisialta ar TG4 Domhnach Cásca, 4 Aibreán.

    Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil Gradaim TG4 áirithe mar scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn a chur in iúl do na laochra seo go dtuigimid an saothar iontach agus an ealaíon luachmhar atá á cruthú agus á seachadadh acu."

    29.1.10

    Taispeántas scannáin Bhob Quinn

    Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Don cheathrú oíche den sraith “Airneáin sa Chathair” beidh Bob Quinn scríbhneoir agus scannánóir - Cinegael (Béarla) - ag tabhairt taispeántas ar a chlár faisnéise “Fly Tippers”. Is léargas iontach é seo ar ghrúpa daoine as Conamara a bhí ag maireachtáil i Londain sna hochtóidí. Beidh sé ar siúl ar an Máirt, 9 Feabhra 2010 ag 8:15 i.n.

    Tá taifead déanta ag Bob Quinn ar saol iarthar na tíre anois ar feadh dhá scór bliain go háirithe sa Ghaeltacht agus i gConamara. Mar thoradh ar seo, tá an-cháil ar a chuid scileanna griangrafadóireachta agus scannánaíochta. Tá roinnt mhaith dhá chuid saothair bunaithe timpeall ar an Ind, an Aifric agus na Stáit Aontaithe. Tá cuid acu ar thaispeántas i nGaillimh agus in L.A. freisin, rud a leiríonn a stádas mar ealaíontóir den chéad scoth.

    Tógadh i mBaile Átha Claith é agus thrial sé roinnt postanna sular shocraigh sé ar phost mar láithreoir teilifíse nuair a bhí sé seacht mbliana is fichead d’aois. I 1969 rinne sé deoraíocht ar fhéin go Conamara, an áit a tugadh a shaothair faoi deara don chéad uair. Sa bhliain 1973 nuair theastaigh ó Cinegael, le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides (nach maireann) áilleacht iarthar na hÉireann a chaomhnú, d’fhás cáil Quinn de bharr a chuid scileanna taifeada.

    Ó shin i leith tá roinnt gradam faighte aige de bharr a chuid saothair scannáníochta: Poitín (1977), the Atlantean Trilogy (1981-1984), Dunaway (1987), The Bishop’s Story (1994), The Atlantacans: Navagatio (1998) agus an ceann is déanaí Vox Humana (2008). B’iad na gradaim is suntasaigh a bhfuil faighte ag Quinn ná iad seo a leanas: i 1988 toghadh é mar bhaill d’Aosdána, Pairlimint Ealaíona na hÉireann agus i 2001 thug Institúid Scannánaíochta na hÉireann (Béarla) an gradam dó i gcomhair an “t-éacht daonna is fearr”.

    Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. I Mí Márta beidh Máire Holmes ag cur oíche filíochta i láthair le Seosamh Ó Guairim agus Collette Nic Aodha mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin, i mí Aibreáin táimid ag súil go mór le ceolchoirm beag ó Áine Ní Dhroighneáin.

    Chun costais a chlúdú beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ann chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíntóirí iontacha seo. Bígí ann más fidir libh. Fáilte roimh chách!

    28.1.10

    Daonáireamh 1911

    Rinne Seosamh Ó Cuaig cur síos ar dhaonáireamh na bliana 1911 agus míníonn sé an méid eolais atá le fáil ón ndaonáireamh sin ar an Raidío (RnaG) le déanaí.

    Dhiríonn sé a aird ar cheantair faoi leith i gcuid de na cláracha seo, agus ar an eolas atá le fáil maidir le pobail agus stair na gceantar sin.

    Tá an daonáireamh na hÉireann ina iomláin le fáil ar shuiomh an An Chartlainn Náisúnta (Béarla) anois.

    Tá an clár le fáil anseo. Agus muid ag trácht ar an daonáireamh céanna, is íontach an áis é agus tá sé an éasca chuardú ann do do shinsear. Bhí mé fhéin an-chuid eolas a fháil faoi mo shinsear féin ann, cuid de nach raibh eolas agam ortha cheanna.

    25.1.10

    Athas Dé!

    Is iad an dá léacht agus an soiscéal ag Aifreann an Domhnaigh (3ú Domhnach na bliana Bl C) a spreag mé é seo a scríobh.

    Chuala mé le deanaí go bhfuair bean uasal a bhí ina chara mór do nuair a bhí mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath Kay Kinsella a bhí uirthi agus is i ngrúpa uirnithe charasmatach Avila (Béarla) i nDomnach Broc. Bhíodh mé ag freastail ar an ngrúpa seo gach seachtain ó 1987 go dtí gur aithraíomar siar go Conamara. Is minic a déarfadh sí paidir liom ag an ministreacht urnaithe ann nuair a bhí mé in ísle brí. Chabhairigh na thréimhse gearr paidreoireachta liom go mór ag an am sin.

    Is mian liom dhá scéal a roinnt faoi Kay anseo.

    Nuair a bhí mé nua go leor sa "ghluaiseacht", d'iarr ceannaire na cruinnithe, ar oíche amháin, ar bhaill an ghrúpa ceannasaíochta nó an croíghrúpa a bhíodh ina suí i gciorcal i lár an seomra, casadh timpeall agus teangacha a mhúineadh don na daoine a bhí ós a gcomair. Rud as an gnáth a bhí anseo. Baineadh geit asainn ar fad. B'í Kay a bhí ag ár dtaobh den seomra. Ar bhealach tá sé an deacair an bua seo, teangacha, a mhíniú. Da réir scriptiúr tá dhá nó trí cineal teangacha ann ach an cineál atá i gceist anseo ná bua teangacha molaidh. Moltar Dia le focal nach féidir linne a thuiscint de gnath. (Seans go ndéanfidh mé iarracht dul níos doimhne isteach sa scéal sin níos deanaí)! Thosnaigh Kay ag spreagadh muid tré usáid a bhaint as an bhfocal ar Dia an Athair, a úsáid Íosa féin nuair a bhí séiseann ag guí, "Abba!" Diaidh ar ndiaidh go cúthallach, thosaíomar á leanúint agus ag ag leathanú amach i bhfuaimeanna eile. Nuair a bhí an cleachta sin déanta bhí mise i ndán teangacha a úsáid in mo chuid paidreoireachta.


    Molaimís an Tiarna!

    Ezra, an scríobhaí ag léamh na scriptiúir dá mhuintir.
    Ar ndóigh mar soinicí ceart níor chreid mé gur fíor bhua a bhí ann agus chuaigh sé i léigh beagáinín sna seachtaine ina dhiadh. Lean mé ag frestail ar na cruinnithe áfach agus láidrigh sé i gcionn míosa nó dhó. Tá sé agam ó shin agus is mó an taca atá ann dom go mór mór in am an ghatar nó am na géircéime. Is míorúilt beag a rinne Dia domsa tré umhlaíocht ceannaire na cruinnithe áirithe sin agus Kay. Tá mé i ndán Dia a mholadh ar bhealach nach raibh agam roimhe sin agus is beag lá nach n-úsáidim teangacha i rith an lae. (Sa dara léacht ag an Aifreann Coirintigh 12: 12-30 luaitear teangacha i measc buanna an Spiorad Naomh!)

    An dara uair a úsáid an Tiarna Kay bhí cúrsaí gnó go dona agam agus bhí mé i ndroch-stáid le dúlagar nó lionn dubh íseal orm. Bhí ministreacht urnaithe ag an croíghrúpa i ndiaidh gach cruinniú agus chauigh mé chucu. Kay a tháinigh chugam agus duine eile ón grúpa chun guidhe liom. Chuireadar a lámha orm agus nuair a bhí an paidreoireacht thart d'fhéach Kay orm agus dúirt "Tá teachtaireacht agam duit!" Baineadh geit asam ar ndóigh mar ní raibh mórán aithne agam ar Kay nó ag Kay ormsa agus níor dúradh a leithéad doms cheanna (nó ina dhiaidh!). Ansin dúirt sí na focail seo "Sé áthas an Tiarna do neart!" Bá rud nua domsa an ráiteas sin agus bhí sé aisteach go raibh na focail sin aici dom agus mé chomh mór in ísle brí. Ach ní dherna mé dearmad ar na focail ó shin.

    Ó thosaigh mé ag freastail ag Avila bhí sé de nós agam éisteacht go mion leis an léitheoireacht ag an Aifreann. Ach uaireanta bím in áit eile ar fad agus iad á léamh. An an domhnach áirithe seo bhí mé ag an aifreann go fisiciúil ach bhí mo intinn áit eile ar fad eile. Go tobann chuala mé na focail céanna. "Ná bíodh brón oraibh mar sé áthas an Tiarna bhur neart." Thog mé é mar deimhniú nó cinntiú ar a dúirt Kay liom an oíche úd.

    Nuair a chuir mé aithne níos fearr ar Kay d'inis mé an scéal seo lei agus ait go leoir ní raibh cuimhne ar bith aici ar an ocáid.

    Agus ar an nDomhnach seo thart léadh an léacht céanna as leabhair Nehemia Caib 8. "...tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brónoraibh mar sé áthas an Tiarna bhur neart."

    Moladh go deo leis.

    Ar dheis Dé go raibh anam uasal Kay.

    22.1.10

    Éan aisteach


    Cúpla lá ó shin chonaic mé éan aisteach sa gharraí taobh leis an teach. Níor éirigh liom pictiúir ceart a fháil de agus d'imigh sé sul a raibh seans eile agam pictiúr níos fearr a fháil. Ar maidin thugas faoi dearadh ealta de cúig nó sé acu sa ghearraí ó dheas den teach. D'éirigh liom griangraf i bhfad níos fear a fháil agus seo dhá cheann.

    Is cosúil gur cuirliúin ata ionta, nó crotach mar a thugtar ortha a shuíomh Birdwatch Ireland (Béarla).

    Tá trí cineál cuirliún ann dar leis an suíomh seo:an Gobanán Crotaigh, an Crotach cloch and an Crotach. Tá éan eile luaite an Crotach Éanaigh. Deireann focal.ie go bhfuil and focal Cuirliún "in úsáid" seachas Crotach.

    Is lapaire an éan seo. Déanann na h-éin mhóra dhonna seo a neadacha i mí Aibreáin agus i mí Bhealtaine nuair a bhíonn neart bia le fáil. Is éin cheoil iad agus tá glór ar leith acu. Déanann siad a neadacha sa fhraoch ar na tortóga. Itheann siad péisteanna mar cuiteoga, feithidí agus plandaí a aimsíonn siad lena ngob fada cuarach sa puiteach nó i dtalamh bog.

    15.1.10

    Imeachtaí sa chathair

    Seachtain gach seachtain!

    I bhfolach ar chúl Áras na nGael, Conradh na Gaeilge Gaillimh ar 45 Sráid Doiminic, gheobhaidh tú an bealach isteach chuig an sceach gheal Ghaelach! Club Áras na nGael is ainm don chlub sóisialta Ghaelach seo, agus bíonn rogha leathan d'imeachtaí ar siúl sa chlub beagnach gach oíche den tseachtain.

    Cur tús bríomhar leis an tseachtain le ranganna damhsa ar an sean-nós gach Luain faoi stiúir an saineolaí ó Chonamara Pádraig Ó hOibicín. Fiú muna bhfuil suim agat páirt a ghlacadh sa rang tá fáilte roimh aon nduine a theacht agus féachaint ar an modh álainn damhsa seo.

    Ar an gcéad Mháirt de gach mí tiocfaidh tú trasna ar mhodh thraidisiúnta eile damhsa nuair a thagann na Briotánaigh le chéile chun cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid steipeanna féin.

    Ar an dara Máirt den mhí bíonn “Airneáin sa Chathair” ar siúl áit a thagann pobal Ghaeilge na Gaillimhe le chéile i gcomhair oíche shóisialta. Tá sár-oícheanta tar éis a bheidh ann le Joe Steve Ó Neachtain, Lasairfhíona Ní Chonaola agus Dermot Somers go dtí seo. I mí Feabhra, beidh an scannánóir cáiliúil Bob Quinn ag léiriú an clár faisnéise "Fly-tipping in London".

    Ar an gCéadaoin buail isteach chuig Oíche na bhFoghlaimeoirí. Má tá tú líofa, cúpla focal nó gan aon fhocal agat, is cuma sin má tá suim agat sa Ghaeilge. Bíonn Eílís Ní Dhúill i láthair mar áisitheoir chun daoine a spreagadh agus chun ceisteanna a fhreagairt.

    Ar an Déardaoin tiocfaidh tú trasna ar na scolairí a thagann le chéile i gcomhair Oíche na Mac Léinn.

    Ná caill amach ar oíche bheomhar eile ar an Aoine leis an gceol domhanda is fearr i nGaillimh le Club OA2. Bíonn DJaithe cónaithe Oa2, Ben Ó Faoláin agus Will Softly ag casadh an scoth de cheol domhanda comhnasctha gach Aoine. Tá an club cairdiúil agus gan aon mhórtas; an rún is daingne i nGaillimh.

    Má tá ceol traidisiúnta Ghaelach dhá lorg agat, bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta den scoth ar siúl gach Oíche Shathairn. Is seisiún oscailte é seo, agus tá fáilte roimh cheoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí.

    11.1.10

    Thíos seal


    Léigh me páipéar taighde WP09/32 (Béarla pdf) le Morgan Kelly as Coláiste na hOlscoile Bhaile Átha Cliath a léiríonn go beacht an mboilgeog creidmheasa agus a éifeacht ar ár dtodhchaí

    Seo h-iad na príomhphointí a thóg mise as:

    1. Mhéadaigh ioncam náisiúnta na hÉireann ó thógáil tí 4-6% i 1997 (an gnáth figiúr i dtír forbartha) go 15% i 2006 le breis is 6% ó tógála eile (iomlán 21%).

    2. Sa bhliain 1995, bhí meán phraghas ar theach 4x meán thuilleamh. Faoi 2006 bhí méadú tagtha ar 10 x meán tuilleamh 10x meán, le tithe dara láimhe i mBaile Átha Cliath ag 17x meán thuilleamh.

    3. I 1997 bhí iasachtaí bainc in Éirinn 60% de OTN (olltáirgeacht náisiúnta); níos luaithe ná Sasana agus sa meán limistéar an euro de 80%.

    4. Le linn 10 mbliana d'árdaigh Shasana agus an limistéar euro 100% faoi 2008 (An Spáinn 160%). Shroich bainc na hÉireann 100% de OTN faoi 2004, agus ansin sna 4 bliana idir sin agus 2008 suas chomh fada le 200% faoi 2008.

    5. Bhí na bainc Éireannach beagnach go h-iomlán maoinaithe ar éarlais suas go 1997. Ó sin tá múnla gnó baincéireachta na hÉireann bunaithe ar iasachta mórdhíola trom costasach.

    6. Fagann an tubaiste ar an margadh mórdhíola bainc i mbaol ó:
    - Caillteanais móra do na forbróirí
    - Ag braith ar mhaoiniú mórdhíola
    - Dóchúlacht mainneachtana morgáiste fairsinge

    7. Níl iasacht bainc reatha 5.6% le morgáistí a mhaoiniú, inmharthana.

    8. Má filleann critéir iasachta ar ais chuig caighdeán na nochadaí, beidh praghsanna réadmhaoine laighdaithe aon trionn den phragheas is aoirde (leath praghsanna an lae inniú!).

    9. Má fhasann praghsanna réadmhaoine i gcomhréir le fás fíorioncam nó pá 2% sa bhliain , tógfadh sé 50 bliana na buaic praghsanna a bhaint amach.

    Ar ndóigh tá a pháipéar i bhfad níos soiléire ná mo achoimre neamhfhoirfe. Is fiú go maith an páipéar féin a léamh.

    Go bunúsach, tar éis a chuid acmhainní a loit ag tartháil na bancanna ó chaillteanais forbróirí - Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) (NAMA - Béarla), an mbeidh an Stát in ann iad a tharrtháil ó mainneachtainí morgáiste (NAMA II)?

    Céard é do mheas féin!

    7.1.10

    Fuacht fuair!

    Loch an tSean Bhaile, Caorán na gCearc, Chonamara

    Nuair a bhíos i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine bailíodh ag an stáisiúin mé agus fuair mé iasacht charr an fhaid is a bhí mé ann.

    Bhí mé ag tabhair aire do mo mháthair, atá beaghnach nocha haon bliain d'aois, agus chuamar amach ag tiomáint chuig dearthair liom i nDeilginis. Turas timpeall 10 míle nó mar sin ó Rath Fearnáin. Bhí na boithre go fíochmhar agus bhí baol ann nachj mbeidh muid i ndán teacht abhaile. Ach bhí Dia linn agus d;'éirigh linn.

    Anois agus mé thar n-ais i gConamara tá tuairiscí ar na meáin faoi cé chomh dona is atá cúrsaí in oirthear na tíre. Anseo cé go bhfuil sé an-fhuair níl aon sneachta ann. Bíonn sioc chrua gach oíche agus rud nach bhfacha mé ríomh, locha reoite ina niomláine.

    Bhí pictiúir duganna na Gaillimhe sa Galway Advertiser (Béarla) agus iad reoite. Agus tá loch an tSeanbhaile anseo ar an gCaorán reoite chomh maith.

    2.1.10

    Sioc agus Sneachta

    Ní cuimhín liom tréimhse fuar chomh fada leis an tréimhse seo. Is annamh a bhíonn sioc ceart anseo i gConamara agus ar bhealach dheinfeadh sé maitheas dúinn. Maróidh sé an péisteanna nimhneach a deineann féasta de na fataí agus glasraí sa samhradh!

    Bíonn sé dáinséarach áfach tiomáint a dhéanamh in aimsir mar seo. Cé nach raibh sneacht ar bith againn, bhí frith sneachta ann agus ansin i rith na hoícheanta reóinn sé seo ar na bóithre. Agus mar a déaradh sean-chara liom fadó níl ann don tiománaí ach “plenty sideways!”

    Bhí orm tiomáint go Baile Átha Cliath ar an Domhnach roimh Lá Nollag, agus cé go raibh an sioch géar go leor ní raibh a turas chomh dona san. Bhí an bóthar soir chomh fad leis an Spidéal dainséarach in áiteanna ach soir uidh sin go Gaillimh bhí sé go maith. Ós rud é go raibh orm dul isteach go Baile Loch Riach níor thóg mé an motorbhealach nua M6 agus ghlach mé an sean-bhóthar. Bhí an cuar-bhóthar thar timpeall an baile thar a bheith dhainserach agus sleamhain. Cheap mé go raibh rud éigin cearr le boinn an char agus stop mé é len iad a iniúcadh. Bhí an bóthar cosúil le gloine agus is ar éigin a bhí mé i ndán seasamh air. Ait go leoir bhí na cúl bóithre ceart go leor.

    Thiomáin mé abhaile ar an Luain agus bhí gach rud i gceart ar an mbóthar nua!

    Inniú ta mé ar mo bhealach go Baile Átha Cliath arís. Thiomáineamar istech go Gaillimh go luath ar maidin. Ní raibh deoirí ar an mbóthar a bhí bá le sioch. Tá me ag ceapadh go bhfuil sé níos éasca tiomáint ar bóthar nuair nach bhfuil tiomáiní eile air! Bhí an aimsir ró-fhuar le dul sa cearr. Bhí lucht na haimsire ar an raidío ag rá go raibh sé go dona i lár an tíre agus san oirthear. Mar sin bheartaigh mé ar an traen a thógaint.

    Tá braithlín bán ar an tír ar fad. Tá sé go deas le breathnú air agus a griain ag taitneamh. Is íontach an radharc é agus tú, deas te compóirdeach sa carráiste.

    Deirtear nach bhfuil na busanna ag obair sa chathair inniú de bharr na haimsire ach tá súil agam go mbeidh mé á bhailiú ag an stáisíun. Feicfidh muid!

    2.12.09

    Don Nollag?

    Nóta ó Ghearóid

    Sé Gearóid Ó Murchú Spailpín Fánach Gaeltacht Chonamara. Tá a siopa cáiliúil lonnaithe ar an Spidéal ach deineann sé an-chuid gnó anois ar fud an domhain. Fuaireamar litir uaidh le déanaí!

    "Mar chustaiméir rialta nó mar dhuine a léirigh spéis in ár siopa Gaeltachta tré shíniú ar ár liosta ríomhphoist, cheap mé go raibh sé in am againn tú a chur ar an eolas faoin rogha iontach atá ag An Spailpín Fánach i mbliana.

    B'fhéidir go bhfuil sé tugtha faoi deara agat go bhfuil éadaigh spraoi le manaí Gaeilge go mór sa bhfaisean na laethannta seo. Muide a thosaigh é ar fad ar ndóigh ach le deireanas chabhraigh na meáin go mór linn ...leithéidí Des Bishop agus "Léimigí thart" agus Carlsberg lena gcuid "Cácaí Milse" agus i mbliana Barack Obama agus "Is féidir linn"

    Bhuel tá siad seo ar fad againn, agus tuilleadh ar t-léinte agus cochaill fíor-fhaiseanta. Is breá le hóg agus aosta iad.

    Beidh siopa An Spailpín Fánach ar oscailt chuile lá as seo go Oíche Nollag agus ba bhreá linn castáil leat. Ar ndóigh má tá cónaí ort i gCathair Saidhbhín nó i Sydney b'fhearr cuairt a thabhairt ar ár siopa Gaeltachta ar-líne.

    Tá réimse iontach againn (do pháistí agus daoine fásta), praghasanna réasúnacha agus seirbhís an-scioptha. Tá leabhair, foclóirí, agus ceol againn chomh maith.

    Más thar lear atá tú, b'fhearr ordú chomh luath agus is féidir. Is féidir linn linn deighleáil le hordaithe in Éirinn suas go cúpla lá roimh Nollaig. Seol d'ordú tríd ár slán-shuíomh gréasáin nó más fearr leat, glaoigh orainn ag +353 (0)91-553343."

    29.11.09

    Na páistí

    Náire na hEaglaise

    Tá an-bhrón orm ar maidin!

    Tá chuile duine ag caint faoi - Tuairascáil Uí Mhurchú ar mí-iompair cuid de na Sagairt mBaile Átha Cliath.

    Labhair an sagart bocht in ár bparóiste faoi ar maidin. Tá an méid sin daoine neamh-urchóideach atá ag fulaingt de bharr pheacaí na daoine seo.

    Níor chreideamar go bhféadfadh duine, atá tar éis a shaol a thabhairt go solúnta go hÍosa, na daoine óga, a thug sé mar sampla dúinn:

    "..Glaoigh sé leanbh chuige, agus chuir ina sheasamh ia lár é, agus dúirt sé. 'Deirim go fírinneach libh, mura n-iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe....ach an té a thugas ábhar peacha d'aon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreadeas ionam, b'fhearr dó cloch mhór mhuilinn crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige..."

    Is é seo díreach an rud a thárla.

    Ach má tharla sé ní h-ionann sin a rá go bhfuil teagasc na hEaglaise mícheart. An rud is féidir a rá ná nár éist na sagairt sin, agus sna cásanna seo cuid de na heaspaig, nár éist siad le glór a dtiarna.

    Seasann teagasc Chríost i gcónaí, tá sé soiléar i nDlí Canóineacgh na hEaglaise, go bhfuil na gníomhartha seo mícheart agus go bhfuil sa dlí céanna deirtear céard is ceart do na húdaráis a dhéanamh. Is cosúil nár claíodh leis an dlí seo go dtí le fíor déanaí.

    Creideann muid in Íosa ach an éisteann muid leis. Bhíomar san eaglais cosúil leis na haspail "Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha ortha ag déanamh guí, ach chuir na deisceabhail ceartú orthu. Ach dúirt Íosa "Ligigí do na leanaí chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe." Agus beannaigh sé iad.

    Go ndéanfaimíd go léir an rud céanna.

    Go ndéanfaidh Eaglais Dé, Corp Misticiúil Chríost, an rud céanna.

    Maith dhúinn a Thiarna!

    13.11.09

    Leabhar spéisiúl

    Ar ais chun na hAifrice!

    Fuair muid cuireadh dul ag seoladh leabhar nua Frank Reidy, Iar-Cheannfort Airm agus craoltóir. Ní raibh fhios agam cén saghas ocáid a bheadh ann agus i ndairíre cheap mé go mbeadh sé beagáinín leadaránach. Leabhair eile taistil, nó bhfhéidir faoi polataíocht lofa acrannach ón Aifric.

    Ach ní mar sin a bhí!

    Bhí slua bhreá ann i leabharlann na Cheathrún Rua nuair a thosaigh Máirtín Mac Dhonnchadha ó Raidío na Gaeltachta ag caint. B'eiseann a bhí ann chun a leabhar "ó Chosta go Cósta" a sheoladh. Agus thug sé an léargas ar an leabhar agus ar dhearcadh an údair agus é ag dul i mbun pinn.

    Níos mó ná rud ar bith eile is faoi daoine atá an leabhar seo, Daoine daonna. Daoine cosúil le muintir na hÉireann. Gáire, caoineadh, greanmhar, solúnta, drama, tá gach gné den saol ag léimt amach as an leabhar seo. Tá sé scríofa go simplí. Tá sé éasca le léamh. Tá bua speisialta ag an údar pictiúr soiléar a thabhairt i mbeagán focail.

      "Chuir Maureen, bean an tí, fáilte romham le sú mangónna. 'Fear mór thú bail ó Dhia ort,' a dúirt sí. 'Tá mé chun tú a athrú go seomra le leaba dúbalta. Ach an oiread liom féinbheadh leaba mhór níos áisiúla dhuit.' Níorbh fhadagur thit neal codlata orm sa leaba céanna!"

    D'fhéadfá a bheith in gConamara ach cupán té in ionad sú mangóna a bheith a thairiscint aici!

    Sa mbliain 1994 cuireadh go dtí oirthear na hAfraice é. Bhí sé ina bhall de mhór-iarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe. Sa leabhar seo tugann sé cuairt an athuair ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus anró gan stad gan staonadh.

    Mamó Obama
    Frank Reidy le Mamó Obama

    Seolann sé i ndabha timpeall chósta thoir na Céinia, tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre. Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara. Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe.

    Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.

    Tá cuma slachtmar ar an leabhair seo. Déanta go deas néata, éasca le léamh. Mar aon leis sin tá bailiúchán deas griangrafanna ann a thóg Frank Reidy é fhéin a chuireann go mór leis an leabhair.

    Is fiú go mór an leabhar seo a ceannach agus a léamh agus cóip de a thabhairt mar brontannas neamhghnách do Nollaig.

    4.11.09

    Cumarsáid nua

    Na meán soisialta
    Daonlathú na cumarsáide!


    Siad na hárdáin is coitianta le húsáid ná
    Facebook - cúrsaí pearsanta
    twitter - gnó agus cúrsaí pearsanta
    LinkedIn - cursaí gnó
    Agus le haghaidh blagadóireacht:
    blogger
    Wordpress
    Feach ar Ar thóir ghréasáin gan sreang chomh maith.
    Céard tá ar siúl ar an idirlíon anois. An rud seo ar a dtugtaí an "meán soisialta!" Cad is brí leis?

    Teangabháil! Go beacht sin atá i gceist.

    Ar dtús bhí caint ann, teangacha eagsúla thar timpeall an Domhain. Deineadh cumarsáid tré caint le daoine.

    Ansin tosaíodh ar an scríobhnóireacht timpeall ceithre míle bliain roimh aimsir Chríost. Glaotar tús na staire ar sin mar ó shin bhí taifead scríofa deanta ar a tharla. Bhí gach rud scríofa lám-déanta. Bhí ar daoine peann ar phar nó siséal ar chloch a úsáid. Bhí sé seo costasach, bhí sé laidreánach agsu ní raibh mórán daoine a bhí i ndán léamh.

    Sa tSín thosaíodar ag úsáid bloc adhmaid ar a raibh na litreacha agus pictiúirí greamaithe á úsáid chun níos mó ná cóip amháin a dhéanamh. Bhí sé fós beagáinín leadránach go mór mór an greimiú féin.

    Ansin sa bhliain 1450 i Mainz na Gearmáine thosaigh Johannes Gensfleisch zur Laden zum Gutenberg leis an gcéad ineall cló so-ghluaiste agus diaidh ar ndiadh ach go mall thosaigh eolas ar léamh ag leathadh ar fud na hEorpa.

    Ag tús an seachtú aois déag a chéad fhoilsíodh nuachtáin i Strasbourg sa bhliain 1605. Méadaigh ar an méid nuachtáin ó shin go dtí an lá atá inniú ann. Is tuairiscí ar cruinnithe parlaiminte, imeachtaí an daoine comhachta mór le rá, cogaidh agus mar sin de. Thár timpeall ar 1920 tosaíodh ar cineáil eile nuachtáin, an nuachtáin táblóideach, a leithéad den Daily Mail i Sasana. Ba cineál eile nuacht sna "nuachtáin" seo, pictúirí, dúnmharú, gnéas, scannall a bhí sna nuachtáin seo.

    Tosaíodh úsáid ar an teileagraf san naoiú aois deag agus b'shin an chéad uair go rabhthas teachtaireacht a chuir amach go leichtreonach, ó áit go háit. Do bé an teileagraf an chéad bealach le cumarasáid a dhéanamh idir dhá áit sa bhfíor ama. Cuireadh an chéad teachtaireach teileagraf idir Euston and Camden Town i Londain sa bhliain 1837.


    Sa cúlra bhí réabhlóid cumarsáide eile ag tárlú. San Iodáil in aice le Bologna bhí mac le Annie Jameson, Guglielmo Marconi ag obair ar tonnta raidío agus i Meirceá bhí an Albannach Alexander Graham Bell ag obair leis an ngutháin.

    Leis an fón d'féadfá guth a cloisint agus comhrá a bheith ag daoine i bhfad ón a céile. Leis an Raidío don céad uair bhí duine i ndán craoladh chuig daoine in an-chuid áit i bhfad agus i gcéin. Le teilifís bhí daoine i ndán an craoltoir a fheiscint.

    Ach bhí an teangabháil seo teoranta. Bhí daoine i ndán craoladh nó éisteacht. Ní raibh idirghníomhaíocht iomlán indéanta go héasca. Ceart go leor bhí an idirghníomhacht seo easca le duine ar an fón leis an duine ar an taobh eile den líne. Agus ar Raidío bhí sé éasca go leor craoladh go dtí an an-chuid daoine ach ní raibh na daoine sin i ndán mórán a dhéanamh faoi. Ní raibh sisd i ndán freagra a thabhairt mar shampla.

    Tríocha bliain ó shin cheap Tim Berners Lee an gréasan domhanda (WWW) agus ansin bunaithe ar sin thosaigh an cead réabhlóid eile, réabhlóid atá fós ar siúil. Reabhlóid nach dtuigeann muid go fóill i gceart.

    Cad a tharla?
    Seo scéal amháin a léiríonn cumhacht na réabhlóide nua seo.

    I dtús 2008 tárla crith talún sa tSín. Fuair an BBC an nuacht ní ó na hoifigí nuachta ná ó na hudaráis sa tSín. Fuaireadar ar twitter é ó duine a bhí ann. Bhí an crith fos ar siúil.

    Bhí muintir na háite, iad fhéin ag tabhairt an nuacht beo ón áit. Tá fhios againn nuair a thárla crith talún mar sin sa tSín timpeall fiche bliain ó shin thóg sé breis is trí mhí ar an stáit a admháil gur thárla a leithéid. Anois bhí an uacht againn sular thomhas na seismeagraif an domhain é. Ní raibh an rialtas i ndán aon rud a dhéanamh faoi agus ar ndóigh cabhraigh an nuach seo le hairgead a bhailiú dóibh siúd a bhí i dtrioblóid.

    Ansin tharla rud éigin nach raibh an rialtas ag súil leis. Thosaigh na daoine sa cheantair ag gearán nach raibh caighdeán tógála na scoileanna a thit sa chrith talún sách maith. Bhí caimiléireacht ann. Bhí feidhmeannaigh an páirtí éillithe, thógadar breabanna. Bhí an-fhearg ar muintir na háite agus níor thaitn sé seo leis an rialtas. Ach ní rabhadar i ndán rud ar bith a dhéanamh faoi ach an córas ina iomlán a dhúnadh síos. Rud a rinneadar.

    An ceacht? Seo rud nua nach féidir cosc iomlán a coimeád air. D'fhéadfá a rá go bhfuil an coitiantacht, na gnát daoine, i bhfeidhil don chéad uair ar eolas. Daonlathú na cumarsáide.

    Anois is feidir liom teachtaireacht a chuir chugat agus ag an domhan uilig. Is féidir le haon duine teachtaireacht a chuir chugam leis. Ach an rud atá aistrithe ná gur féidir le gach éinne an teolas a chuir ós comhair gach éinne eile. Roimhe seo bhí an "barr" i ndán caint leis an "mbun." Agus ar bhealach bhí an "bun" i ndán labhairt leis an "mbarr!" Ach anois is féidir leis na "bunnanaí" labhairt lena gcéile. Sin an rud nua.

    29.10.09

    Rith 2010

    An chéad chéim eile

    Seolfar RITH 2010, ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge ag ócáid cheiliúrtha mar chuid d'imeachtaí Fhéile na Samhna, Oireachtas na Gaeilge.


    Is é seo an chéad uair go mbeidh an fhéile seo in Éirinn ach tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an "Korrika"(Suíomh i mBaiscis agus teangacha eile) á rith acu ó 1980, le breis is leath-mhilliún ag rith ann i 2009!
    Thaistil baill de Choiste Stiúrtha RITH ar thuras staidéir go Tír na mBascach i mí an Mhárta 2009 le páirt a ghlacadh sa Korrika agus le comhairle a fháil ó lucht eagraithe an Korrika.

    Dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Coiste Stiúrtha RITH, “Táimid an-sásta go bhfuil na heagrúcháin ag teacht ar aghaidh go maith agus líonra de dhaoine aonair agus eagrais éagsúla rannpháirteach san eagrúchán. Tá obair dhícheallach ar siúl ag an gcoiste le roinnt míonna anuas ag pleanáil na féile agus ag cruthú naisc lenár gcomhionainn i dTír na mBascach agus sa Bhriotáin.

    “Tá an-áthas orainn as an méid tacaíochta atá faighte againn don togra go dtí seo. Chomh maith leis na heagrais Ghaeilge agus pobal atá ag tacú linn, tá Fáilte Ireland ag tacú leis an fhéile agus tá síol maoinithe ceadaithe ag Foras na Gaeilge don togra. Fógrófar ceapachán Bainisteoir RITH i rith mhí na Samhna, rud a chuirfidh dlús mór leis an obair atá déanta go dtí seo. Táimid ag súil go mbeidh RITH ar an gcéad chloch-mhíle mór eile in athbheochan na Gaeilge," arsa Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Caidrimh Phoiblí.

    Ar an 10ú Márta 2010, tosóidh RITH 2010, an ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann, i mBéal Feirste le baitín sealaíochta ag athrú láimhe idir daoine/grúpaí reatha gach ciliméadar. Leanfaidh Rith 2010 ar aghaidh ar feadh seacht lá, gan stad, thar 1600km idir Ulaidh, Laighin, Mumhain, Connachta agus ag críochnú mar chuid de pharáid Lá Fhéile Phádraig ar phríomhshráideanna na Gaillimhe.

    Beidh seastán ag Rith 2010 i rith Oireachtas na Gaeilge ón Déardaoin 29 Deireadh Fómhair go dtí tráthnóna Sathairn.

    23.10.09

    Tuam

    Treoirlínte do Chomhairlí Tréadach

    Bhí thart ar trí chéad nó níos mó i láthair ag seoladh oifigiúil de leabhair nua de chuid Árd-deoise Thuama (suíomh as Béarla), "Treoirlínte do Chomhairlí Tréadach" ag an Árdeaspag Micheál Ó Néaraí. Thárla sé san Ostán McWilliam Park i gClár Clainne Muiris ae an 22ú Lá Deireadh Fomhair 2009. Tháinig an slua, baill chomhairlí thréadach ó paróiste i ngach áird den deoise mór seo a síneann ó Acaill ó dheas go hÁrainn agus soir go dtí an Mór i gContae Ros Comáin.

    Labhair an Ath Pádraig Ó Fearachair, atá ainmnithe ag an Árdeaspag mar "Acmhanaí" do na comhairlí thréadach. Mhínigh sé stair and cuir le chéile an lebhair agu chuaigh sé trén leabhair go tapaidh.

    Tá fadhb ag an Árd-deoise, mar aon le gach deoise sa tír mar tá na sagairt ag éirí sean agus níl mórán fir óga ag teacht ina diaidh. Anois is ceart muintir sa paróiste, an eaglais ó ceart, Pobal Dé, seilibh a ghlacadh ar an paróiste. Beidh an-chuid paróiste gan ach sagart amháin ionta agus tá seans go mbeidh paróistí áirithe gan an sagart amháin ann. Tá gá le bheith ullamh dó san.

    Is leabhair treoir anseo, tugann sé cúlra agus fís atá leis an comhairle seo. Tá comhairle ann ar conas daoine a earcú, faid tearma oifige na baill agus conas iad a thréanáil.

    Tá dúshlán mór roimh pobal na hÁrd-deoise agus guí an Dr Néaraí gach rath agus beannacht ó Dhia ar an obair.

    21.10.09

    Seanbhróg

    Dráma Nua le Darach Ó Scolaí

    Léireofar dráma nua géarchúiseach grinn leis an scríbhneoir iomráiteach Darach Ó Scolaí sa Project Arts Centre i mBÁC i mí Deireadh Fomhair 2009. Is iad an compántas gairmiúil amharclannaíochta Salamandar atá i mbun léirithe

    Suite sa bhliain 1171, caitheann An tSeanbhróg súil úr ghreannmhar ar an stair agus ar an Éireannachas. Agus é faoi thionchur a chomrádaí glic Muiris, tá an ridire buacach Normannach Gearóid idir dhá chomhairle: a bheith dílis dá Rí thall i Londain nó ríocht nua a chruthú dó féin san oileán iathghlas seo atá curtha faoi chois acu. Deirtear gurb iad na buaiteoirí a scríobhann an stair ach céard a thárlaíonn nuair a deir na buaiteoirí gurb iad féin a chaill?!

    Léiriú eile é An tSeanbhróg ar bhua Uí Scolaí mar cheardaí pinn a bhfuil faobhar ar a chuid focal agus é ag fí greann nádúrtha dúchasach Chonamara as fáithim thragóideach na daonnachta. Drámaíocht nua, dhána, fhisiciúil í seo a thagann sna sála ar shár-léirithe rathúla eileSalamandar a léiríodh le deireanas 'Craos' & 'An Braon Aníos'.


    Le Darach Mac Con Iomaire (Cré na Cille) ag stiúradh agus Seán Ó Flaithearta i mbun dearadh stáitse, tugann An tSeanbhróg roinnt de na pearsana is aitheanta i ndomhan na drámaíochta Gaeilge i gcomhpháirtíocht le chéile arís. Orthu siúd tá na haisteoirí Seán Ó Meallaigh, Marcus Lamb & Eoin Geoghegan, agus an cumadóir clúiteach ceoil Rachel Holstead.

    Osclóidh An tSeanbhróg sa Project Arts Centre, Baile Átha Cliath ón Mháirt 20 - go Satharn 24 Deireadh Fómhair sula dtabharfar aghaidh ar an Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn ón gCéadaoin 28 - go Satharn 31 Deireadh Fómhair, mar chuid d'Oireachtas na Gaeilge.