7.6.10

Thuas seal thíos seal!


Bhí mé is Sasana ag bainis i rith na deireadh seachtaine agus thaistigh ó na mná dul ag siopadóireacht i Chester, cathair ársa atá ar abha Dee agus gearr do theorainn na Breataine Bige. Is sean cathair Rómánach é Chester - is dócha go dtagann an ainm ón bhfocal Laidineach "castra" - ach tá an ailteareacht ó aimsir Tudor ann agus tá na sean sráideanna le siopaí ar dhá stóir - tugtar "rows" ortha. Tá tuilleadh faoi i Wikipedia (Béarla).

Nuair a bhíomar ann bhí paráid de chuid airm na Breataine, le cheol agus saighdiúirí a bhí gléast don cogadh sa bhfásach san Iaráic is dócha. Bhí na daoine ar thaobh an mbóthar ag bualadh bos dóibh - "our boys" - ach cheap mé nach ag tabhairt tacaíocht don cogadh a bhíodar ach do na buachailí óga a chuireann na poiliteoirí amach chun troda sna áiteacha seo. Tá mé ag ceapadh go rabhadar ag dul nó ag teacht abhaile ó thréimse soir ann.

Nil an cathair chom mór sin agus rinneadar máirséail thuas an mbaile agus ansin casadar timpeall agus thanadar anuas. Smaoinigh mé ar an Grand old Duke of York a rinne a chuid saighdiúirí a máirseáil thuas agus thíos cnoc agus nuair nach rabhadar ach leath bhealaigh thuas ní rabhadar thuas nó thíos...

Nach ait na smaointe a buaileann le duine?

1.6.10

Athraithe agus nuacht eaglasta eile

Fógraíodh an-chuid athraithe agus nuacht in Árd Deoise Thuama (Béarla) le déanaí.

Tá beirt shagart An Chnoic/An Tulach, an tAth Micheál Ó Flannara agus an Ath Colm Ó Ceanabháin le h-éirí as, mar atá an tAth Pádraigh Audley ar an gCeathrú Rua. Tá an tAth Liam Ó Raghalaigh ón Fhairche le bheith mar Sagart Paróiste An Chnoic/An Tulach. Ní bheidh sagart lonnaithe ar an dTulach. Tá an tAth Ciarán de Blaca le haistriú ó Árainn go dtí an Ceathrú Rua mar Sagart Paróiste agus tá an tAth Micheál Ó Mainín ag dul go hÁrainn ó Chathair na Mairt. Tá an tAth Pádraig Standún ag dul go Charna ó Thuar Mhic Éadaigh agus an Sagart in gCarna, An tAth Pádraigh Ó Conaola ag dul go dtí an Fhairche/Cor na Móna.


Fógraíodh leis ón Vatacáin, go bhfuil Árdeaspaigh Otawa (Canada)
Terrence Thomas Prendergast, (Fraincís) ceapaithe ag an bPápa Benedict mar Cuairteoir Aspalda ar Árd Deoise Thuama le scrudú níos doimhne a dhéanamh ar na socraithe atá déanta ag an Eaglais anseo le sabhaltacht leanaí a threisiú. Tá cuairteoirí eile ainmnithe aige do na trí árddeoisí eiule sa tír agus duine eile le scrúdú ar an institiúidí rialta sa tír.
Nach ait an rud é go bhfuil leathanaigh Árdeoise Ottawa in bhFraincís agus Béarla agus nach bhfuil ach Bearla ag Árd Deoise Thuama?

31.5.10

Ár ar an Mheánmhuir!

Inniú chualathas ar an ár sa Meánmhuir.

Is cosúil go raibh mioncabhlach (sé mbáid) ag seoladh go dtí Gaza na Phailistíne le cabhair do na daoine bochta ansin atá faoi léigear ag Stát Iosrael ó tháinigh an dream Hamas i gcomacht ansin ceithre bhliain ó shin ach i ndairírí sé Iosráil atá ina fhorghabháilí go neamhfhoirmealta anseo cé go séanann siad é seo.

I beag cabhair atá a ligint isteach ag Iosrael agus táid a coimeán dian-smacht ar aon rud a thagann isteach sa cheantair seo.

Is ceantair an-bheag é Gaza, timpeall fiche cúig míle ar fhiche agus cúig nó sé míle ar leithead. Tá breis is miliúin go leith ina chónaí ann an chuid is mó acu ina dteifí bochta ón áiteacha eile sa Phailistín agus Iosrael ón na chogaidh in 1948 agus sna seascaidí.

Tá an Iosrael ar ó thuaidh agus siar ón gceantair agus tá teora leis an Éigipt ó dheas. Deireann Iosrael gur ceart aon chabhair dhaonnúil a thabhairt is teach tré calaphoirt na Iosráile ach i ndairíre is beag cabhair a ligtear teacht isteach an bealach sin. Cheapfá go mbeadh níos mó chabhair ag teach trén teorann gearr atá ag Gaza le hÉigipt ach is cosúil go bhfuil ealaíon na bacóireachta foglamtha go maith acu agus tógann sé an méid sin ama an maorlathas Éigipteach a idirbheartú go bhfuil aon bhia somheata, meata!

Tá cósta fada ag Gaza afach ar an Meanmhuir agus beartaíodh ar cabhair a thabhairt i dtír i nGaza féin. Ach deireann Iosrael gur a thabairt isteach airm agus armlón a bhí siad. Chinneadar ar an cabhlach beag seo a ionsaí, rud a rinneadar ar maidin. Rud a rinneadar in uisce idirnáisiúnta ar an mórmhuir agus is cosúil go bhfuil ar a laghad deichnúir marbh.

Anois tá an Aontas Eorpach ag lorg fiosrúcháin idirnáisiúnta. Tá Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann tar éis Ambasadóir na hIosráile a glaogh isteach chun a scéal a mhiniú agus chun dearcadh Rialtas na hÉireann (Béarla) a chuir i n-iúl do Rialtas na hIosráile.

Idir an dá linn tá daoine daonna, leannaí, mná, fir, gan bunriachtainisí an saol i nGaza sa bhliain 2010.

22.5.10

Lá álainn!


Neart obair amuigh inniú...mar a deirtear thart anseo an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

An ceanabháin ar an bportach gach rud go ciúin ach an cuach ag síor glaoch ag lorg chéile?

19.5.10

Pictiúirí Fhéile Joe Éinniú 2010

Caoimhín Ó Raghallaigh agus Mick O'Brien (BÁC) ag tógáil páirt sa cheolchoirm in Óstán Chuan Charna, 1ú Bealtaine 2010.
Johnny Ó Clochartaigh agus Joe John Mac an Iomaire ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Lillis Ó Laoire, Allan MacDonald agus Griogair Labhruidh ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Máire Ní Mhaoilchiaráin ag bronnadh Corn Cuimhneacháin Joe Éinniú ar bhuaiteoir 2010 - Bertie Ó Domhnaill.
Micheál Ó Cuaig (Stiúrthóir na Féile) agus Sean Williams (USA) ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Niamh Ní Chuaig, Proinséas Ó hIarnáin, Breandán Ó hIarnáin agus Michelle Ní Chuaig ag baint sult as an gcraic in Óstán Chuan Charna ar an Domhnach 2ú Bealtaine 2010.
Paddy Fitzpatrick, Micheál Éinniú agus Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Tim Dennehy a d'oscail an fhéile go h-oifigiúil, in éineacht le Johnny Mháirtín Learaí Mac Donncha agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha.

18.5.10

Diarmuid Ó Máirtín, Cad dúirt sé?

Tá se deachair píosaí fada a léamh ar an ngréasán dár liom. Is fearr liom píosaí léitheoireachta a léamh ar pháipéar.

Bhí mé ag lorg nuacht inniú faoin ráiteas a d'éisigh an Cairdinéal inné agus é ag lorg easpag cúnta ón bPápa chun cabhrú leis. Nior aimsigh mé é ach bhí an-chuid léirmheastóireacht, an chuid is mó de a bhí an-chriticiúil ar an cinneadh a tá déanta aige. Tá ráiteas ar a thiomántas don Árd Deoise (Béarla) ina lúitear á ráiteas. Smaoinigh mé ar Naomh Peadair a shéan a Mháistir in am a ghátar. Meas tú cén fáth nár éirigh sé as?

Ach ní seo a chuir mé ag smaoineamh le se a scríobh. Ní hea agus mé ag brabhsáil liom tháinig mé ar suíomh Árd Deoise Bhaile Átha Cliath. Agus thosaigh mé ag léamh nótai Dhiarmada Úí Mháirtín, an Árdeaspaigh, ar an chaint a thug sé do na ridirí seachtain ó shin. Bhí mé gafa!

Is mó an méid atá scríofa agus ráite faoi seo. Daoine ag rá go bhfuil scoilt idir eisean agus a bhráithaire easpaigh agus leis an bPápa fiú. Rith sé liom cé gur chuala mé na míreanna nuachta faoi, mar aon le an-chuid, nár léigh mé an méid a bhí ráite aige agus cén fath a duirt sé an méid a dúirt sé, nó fiú cad a dúirt sé!

Is dócha go bhfuil an rud céanna fíor faoin litir úd ón bPápa chuig Caiticigh na hÉireann, "Le himní chroí!"

Is cosúil go bhfuair sé cuireadh labhairt leis Ridirí Naomh Cholumba ar an "Eaglais Caitlicí sa Todchaí" agus b'shin a téama a bhí aige. Tá a chuid nótai (Béarla) le fáil ar an suíomh. Caint an-macánta, an-domhain, an smaointeach atá ann. Tá i bhfad níos mó ann seachas na "blúiríní fuaime" a cloistear ar an raidío nó ar na nuachtáin. Cé go ndeireann sé go bhfuil díomá air, go bhfuil "forsaí", (fórsaí láidir a deireann sé agus ní "fórsaí dorcha"mar a tuairiscíodh in áiteanna), atá ag iarraidh an fhirrine a cheilt. Ní haon ionadh é sin, is daoine daonna sinn uiligh.

Is fiú go mór na nótaí seo a léamh ina iomlán má tá duine chun cainte faoin méid a dúirt sé. Tá seo fíor faoi thréadlitir an Phápa chomh maith.

Mar a deireann guidhe an Phápa sa litir úd:

"Is ortsa, a Dhia Trí-Aonta,
Agus muinín mhór againn i gcoimirce ghrámhar Mhuire, Banríon na hÉireann agus ár máthair féin, i Naomh Pádraig, i Naomh Bríd agus in iomlán na Naomh, a chuirimid ár gcúram féin, cúram ár gclann, agus cúram riachtanas na hEaglaise in Éirinn.
Áiméan."

15.5.10

Ar bhealach go Poll Áill an Arbhair!

Ní sineolaí mé ach thug mé dearadh an blath áirithe seo agus mé a siúl ó dheas chun na farraige síos! Tá mé ag ceapadh gur biolar gréagháin atá ann.

Seans go mbeidh a fhios ag "Míshasta" a rinne trácht ar an phíosa faoin bharr buí le déanaí.

Pé scéal é tá dhá chineál de seo le feiscint ann. An ceann atá sa pic agam agus ansin ceann deas bándearg eadroim. Tá neart acu thar timpeall ar an ardán in aice le Loch an tSeanbhaile ag Caorán na gCearc Theas. Tá raidhse ceannabháin bána ann freisin! Agus an chuach le cloisint!

Thíos tá pictiúir de Pholl Áill an Arbhair atá ag bun an bóthair sin ó dheas ag an gCaorán.

12.5.10

Féileacán

Seo féileacán a chonaic mé um thráthnóna.

Ní fhaca mé ceann mar sin cheana ach is cosúil go bhfuil sé forlathan sa cheantair, ceann den na chinn a thagann amach go luath sa bhliain. An barr buí a glaotar air agus tá eolas faoi ar suíomh "Irish Butterflies" (Béarla) agus eolas ar ché chomh forleathan atá sé sa tír.

Seo pictiúr de ag glacadh sos ar coinnle corra sa gháirdín againn.

Sabhairchín


Bhí mé amuigh ag siúl inné thíos ó dheas ón dteach. Chuaigh mé chomh fada le Toit Chónáin agus ar mo bhealach thár n-ais thug mé faoi deara go raibh neart sabhairchín buí ar thaobh an bhothar. Ghlac mé an griangraf seo le mo fón phóca.

Tabhair faoi deara an goirmín ar dheis agus chomh doimhin is atá an gorm i gcomparáid leis an buí agus glás.

11.5.10

Indreabhán i mí Bealtaine

Tá sé beagnach i am do Phléaracha Chonamara. Deireann siad ar a suíomh: "Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn."

Is In Indreabhán i gCois Fhairrge a bheidh sé i mbliana ar feadh trí lá agus oíche ón 20ú lá Bhealtaine. Is íontach clár na himeachtaí atá acu.

Sé Páidí Ó Lionáird a ósclódh na féile i dTí Chualáin agus is cosúil go mbeidh seó go maidin ann le léiriú ag Fíbín, bronnadh Gradam Phléaracha, seoladh Iris Phléaracha 2010 agus ceol le Beartla Ó Domhnaill & Ceann Gólaim, agus na himeachtaí go léir á stiúradh ag Máirtín Tom Sheánain. Agus níl ansin ach an tús!

Tá an trí lá eile lán de himeachtaí don aos óg agus dóibh siúd nach bhfuil ró óg. Mar shampla tá Seisiún an Phléaracha le bheith ar siúil go déanach ar an Aoine - "Scannán amuigh faoin aer" a deireann an clár! Agus oíche Shathairn tá láithreoir dosmachtaithe Raidío na Gaeltachta, Rónán "Beo" Mac Aodha Bhuí le bheith sa Póitín Stil lena Chabaret Craiceáilte.

Agus ar an oíche deireannach beidh comortas damhsa ar an sean nós, arís sa Poitín Stil nuair a scaoileadh Johhny Connolly a mheleodeon arís dúinn!

AN MBEIDH TÚ ANN?
Má tá tusa le bheith ann tá leathanach Facebook ag Pléaracha...

9.5.10

An nádúr ag canadh!


Tá an samhradh fillte ar Éirinn!

Mar deirtear thart anseo tá an ghriain "ag scoilteadh na gcloch" agus tá gach rud ag fás arís tar éis Geimhreadh fuair géar róite. Tá aoibh maith ar gach éinne agus bheadh chuille rud i gceart ach amháin an scamall deannaigh a tháinig aniar aduaidh orainn ón Ioslainn.

Bhí mo dheathair le scata buachaíllí a thabhairt ar Chamino Naomh Shéamais i rith na seachtaine seo. Bhí ortha eitilt amach go Compastella de Santiago i nGalacia ach ag an neomaid deireannach chuir Aer Lingus an eitilt ar cheall. Bhí an aerfort thall dúnta de bharr scamaill ó phléasc Oileánsléibhteoighearshruth (Béarla) na hIoslainne i mí Aibreáin.

Ach an rud is íontaí faoi ná nach bhfuil rian den scamall seo le feiceáil ón dtalamh agus, mar a dúirt mé anseo i gConamara tá na cloch dá scoilteadh agus ar ndóigh i bhfocal an amhráin , tá "na mná sínte ar an dtrá" agus an aitinn cludaithe le bláthanna buí na gréine.

I bhfocail Naom Ambrós ó Milano na hIodáile:
    Molaimid, a Dhia mhór: admhuímid gur Thú an tArd-thiarna.
    Sléachtann an saol go léir duit, a Athair Shíorraí.
    Canann na hAingil agus na Flaithis duit agus na Cómhachta uile.

    ...Tá neamh agus talamh lán de mhórgacht do ghlóire

3.5.10

Beatha nua inár gcúl gáirdín...


Ar maidin bhí cuairteoirí sa chúl gairdín. Scata beithigh ocrach.

Tógann duine de na comharasan istigh ann iad ó am go ham. Garraí cuíosach mór atá ann agus is maith linn iad a fheiscint ann chun smacht a coimeád ar an bhféir dúinn. Mar duine cathrach, nó bruach-chathrach mé is beag tuiscint atá agam ar chúrsaí bheithíochta agus nuair atá siad comhgarach dúinn, mar atáid sa garraí ó dheas féacann siad an-mhór ar fad.

Bhí an lá go h-álainn agus bhíomar ag obir sna garraí beaga eile atá againn anseo nuair a thug mo bhean go raibh lao óg nua sa gháirdín. Bhí sé ina seasamh meisciúil taobh lena mháthair. I mo chuid aineolas tá mé ag ceapadh gur tarbh óg atá ann.

Glaoigh mé ar an úinéar leis an nuacht agus tuairisc a thabhairt agus is cosúil go bhfuil chuile rud i gceart. Tá mé ag ceapadh gur cheap seiseann go raibh mise ag iarraidh an máthair agus a mach a thabhairt isteach chuig an oispidéal maithreachais ainmhithe, má tá a leithéid ann...

Anois tá an dá ainmhí ina luí ar an bhféir bog glás go sona sásta leo féin. Agus tá áthas orm féin agus ar mo bhean leis.

Nach íontach an rud an nádúr.

1.5.10

Cé tá díbearta?

Tá mé díreach críochnaithe le leabhair "Díbirt Dé," le Pádragh Standún a léamh.

Agus mé á léamh cheap mé nár léigh mé leabhair mar é, agus nár chuala mé ar leabhair mar é cheanna. Is ábhar nua-aoiseach agus sean-aimsirtha ag an am céanna é. Tá fealsúnacht ann, smaointe domhain agus domhnach, agus scéal atá curtha le chéile go maith.

Deintear iniúcadh ar na rudaí atá ag chur as dúinn go léir sna laethanta seo. An Eaglais agus na meáin.

Scéal faoi shagart paróiste a iarraidh air dídean a thabhairt do shean-chara leis, sagart a ligeadh amach as priosúin tar éis treimhse a chaitheamh ann, daortha ann de bhar éigniú páiste. Ach rud suimiúil ní deirtear amach a ndearna sé an éagniú nó nach ndearna.

An fhaid is atá an sceal seo ar siúl tá míreanna de chlár cháiliúil den Late Late Show ina raibh Tommy Tiernan páirteach agus inar thug sé masla don na sagairt agus don Eaglais a chuir an-chuid daoine ar buileadh ag an am ach gur ghlach fear chur-i-láthair an Late Late Show leis, "Tommy, you're always a tonic!"

Ina pharóiste féin bhí daoine a bhí "go maith" ag cleachteadh a gcreidimh ach taobh thiar den na cúirtíní bhí rudaí eile ar fad ar siúil ach sa deireadh, mar i ngach scéal maith, filleann an feall ar an feallaire.

Bhí rudaí eile sa scéal, sean rudaí a bhaineann le saol na hÉireann, agus leis an saol an tsagairt, ceist an óil. Rudaí nach deintear mórán tagairt sna meáin anois ó tháinigh na scéalta faoi míúsáid gnéiseach ar pháistí.

B'fhiú go mór an leabhar seo a léamh mar tá tuiscint ar an duine daonna ann; a ghaol leis an cruthaitheoir; an fimínteacht na "daoine maithe;" ionrachas an duine gan creideamh; Aonaracht an sagairt; caidreamh an sean lanúin phósta agus ar sointacht agus neamhurchóid an pháiste. Díbirt Dé atá ar an leabhar. Bhí Dia díbearta as saol cuid de na daoine ach tá mé ag ceapadh go raibh sé le fáil i measc siúd atá díbearta ag an bunaíocht daona, eaglasta nó sna meáin.

Ní nach ionadh go bhfuair an leabhair dúais san Oireachtas i 2007. Ficsean Éadrom a deireann siad, n'fheadair. Cad is brí le héadrom? Cinnte bhí sé éasca le léamh, ach ní raibh na hábhar a bhí á iniúcadh ag an údar, an "rógaire sagart" Pádraigh Standún, ró éadrom.

B'fhiú go mór an leabhar seo a leamh.

27.4.10

Ó pheann an Phiarsaigh

Scannán nua taibhsiúil faoina scríbhinní stiúrtha ag Alan Gilsenan

Is ag teach a mhuintire, i mBaile Átha Cliath a seoladh tráthnóna scannán nua a thugann léargas fileata ar scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais. B’é Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann, Bob Collins a sheol an scannán.

Scannán nua ón duais-stiúrthóir Alan Gilsenan é Ó Pheann an Phiarsaigh, aiste fhíse a fhéachann le meon agus aisling Mhic Phiarais mar a chuir seisean in iúl iad ina chuid scríbhinní a chur i láthair le cabhair na samhlaíochta scannán. Sa saothar nua tábhachtach seo, féachann Alan Gilsenan ar fhís an Phiarsaigh a chur inár láthair gan aige ach focla an fhir féin agus montage íomhánna a tharraingíonn ó chartlainn scannán sa tír seo agus i gcéin: Cartlann Scannán na hÉireann,(Béarla) Iarsmalann an Phiarsaigh, Fáilte Ireland,(Béarla), Gael Linn, Bailiúchán Clarke, NASA (Béarla) agus The U.S. Library of Congress. (Béarla)

Pearsa casta ab ea an Piarsach agus tá an dá thuairim ann inniu faoina fhealsúnacht agus faoina oidhreacht. Dar le daoine áirithe is laoch ildánach é, ceannaire agus saighdiúir cróga Poblachtach, file, drámadóir agus gearrscéalaí cumasach, oideachasóir nuálach agus réalta eolais d’Athbheochan na Gaeilge.

Dímheas atá air ag daoine eile a mheasann gur fear ar strae a bhí ann a bhí faoi dhraíocht ag an mbás agus ag an ngá le íobairt fhola agus duine a raibh amhras faoina oiriúnacht mar mhúinteoir do bhuachaillí óga ar chúinsí go leor.

Fuair an togra seo maoiniú ó TG4 agus ón gComhairle Ealaíon ar aon faoin scéim Splanc! agus ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Alan Gilsenan a chruthaigh agus a stiúraigh, Martin Mahon ó Yellow Asylum Films a léirigh agus is iad Emer Reynolds & Oliver Fallen a chuir an saothar in eagar. Is iad Darach Mac Con Iomaire agus Alan Gilsenan a labhraíonn focail an Phiarsaigh sa scannán.

22.4.10

Duais eile ag TG4

Duais Cheilteach buaite ag saothair aitheantais TG4

Pól Ó GallchóirThug saothar bolscaireachta TG4, idir mhíreanna aitheantais, theidil agus bhlaisíní an chraobh leis ag Féile na Meán Ceilteach 2010 san Iúr Co an Dúin.

Tá réimse saothair i gceist, idir bhlaisíní agus mhíreanna aitheantais. Is é Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin a bhí i mbun an togra, a chum foireann chruthaitheach TG4 féin agus a léiríodh le cabhair an comhlachta Super 68.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Bhí seacht gclár agus saothar bolscaireachta le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana

TG4 Ardstiúrthóir Pól Ó Gallchóir ardmholadh do na saothair bhuacacha seo agus do lucht a gcruthaithe, idir fhoireann TG4, agus Super 68. "Is cruthúnas eile fós é an duais seo ónár gcomhghleacaithe Ceilteacha go bhfuil ar chumas an chainéil a aitheantas sainiúil féin a leagan amach agus a léiriú ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí," a dúirt sé.

Seo tuairisc ar an bhféile ó Nuacht 24

19.4.10

Dráma ó thuaidh!


Seo an chéad físeán nuachta atá foilsithe ag Nuacht 24 an nuachtáin i mBeal Feiriste.

Is sceal faoi léiriú drama bunaithe ar Dialann Anne Frank, an chailín óg a bhí i bfolach san Ísealtír le linn an Cogadh Domhanda. Fuarathas í agus a clann ag na Naitsíach faoi dheireadh agus fuair gach duine sa chlann bás sna campaí éagandála san Ghearmáin ac amháin a hAthair. Is san Grand Opera House i mBéal Feiriste a bhí an léiriú seo le daoine óga na cathrach seo.

Táid le moladh.

Is ciosúil go mbeidh Fiseán laethúil ag lucht Nuacht 24 as so amach. Is íontach an dream iad seirbhís mar seo a sholathair. Molaim iad comh maith!

17.4.10

Féile Joe Éinniú

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 30 Aibreán - 2 Bealtaine.

Tá an fhéile seo bunaithe ó 1986, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis a bhásaigh i Seattle sna Stáit Aontaithe i 1984. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór le Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Edel Fox, Alan McDonald, Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Liz & Yvonne Keane, Máire Áine Ní Iarnáin, Ciarán Somers agus tuilleadh. Beidh ceardlanna amhránaíocht agus damhsa ar an sean nós ar bun ar an Satharn ó 10am–2pm in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Taobh amuigh de na seisiúin ceoil agus foinn a bheidh ar bun sa gceantar ar feadh na deireadh seachtaine, beidh seoladh dlúthdhiosca nua “Faoi Bhláth” le Ciarán Somers agus Dave Sheridan ar an Domhnach in Óstán Chuan Charna; comórtas amhránaíochta don aos óg agus ócáid ómóis don amhránaí Seán ‘ac Dhonncha.

Beidh neart imeachtaí ar siúl i gCarna le haghaidh sean agus óg le linn deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine!

15.4.10

Tubaist na Pólainne

Nuair a chuala mé an scéal smaoiningh mé siar go na caogadaí agus tionósc Manchuin Aontaithe Muenchen na Baváire, nó an tionóisc eitileán i Staines, Sasana, in bhfuair dar dheag de cheannaire tionscalaíochta na tíre seo bás i n-eitileán.

Ach seo tír iomlán, ceannairí, uachtarán, ceannasaithe arm, polataíochta, bainncéireachta, tír grátheoirí, iad uilig imithe in aon timpist uafásach amháin. In aon mion nóiméad amháin.


Rud a déannann an tragóid seo níos géire ná gur thárla sé chomh gearr san do foraois na nár, Katyn inar dúnmharaíodh fiche mhíle oifigigh de chuid arm na Pollainne ar ordú Rialtas an Aontais Soibhéideach dár dáta 5 Márta 1940.



Ar dheis Dé go raibh anam Uachtaráin na Polainne Lech Kaczynski, a bhean Maria agus iad siúd uilig a fuair bás ar an Sathairn seo caite - 10 Aibreán 2010.


Seo píosa a scríobh an file Marion Gunn:

Pianadóireacht na Polainne

Bás grod garbh

agus allagar na marbh:


glún ag meabhrú do ghlúin


gur teanga eile a labhrann Mathúin.


5.4.10

Seán Ó hAdhmaill - An fear le Gaeilge a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís?

"Ag brú níos faide ar aghaidh don Chonradh"

Chuala mé díospóireacht cuíosach teasaí idir Uachtarán reatha Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, agus Seán Ó hAdhmaill ar Iris Anoir (Raidió na Gaeltachta Céadaoin 31 Márta 2010). Dubhglás de hÍdeChuir sé beagáinín iontas orm cé chomh bríomhar is a bhí an díospóireacht. Sé an íomhá atá amach ansin go forleathan ag an gConradh na dream seandóirí, sean-fhaiseanta, léanta atá daingnithe istigh in a chaisleán beag compordach féin. Scoth-aicme mí-éifeachtach nach bhaineann le hábhar!

Ach seo duine óg bríomhar ag tabhairt dúshlán iomlán don íomhá sin. Mar aon le haon eagraíocht stairiúil bhí an fear óg seo ag breathnú siar chuig fréamhacha na heagraíochta, chuig Dubhglás de hÍde féin (ar dheis), fear a bhí mar Uachtarán ar ghluaiseacht a bhí chomh láidir leis an Cumann Lúthchleas Gael céad bliain ó shin le mana a fháil dá fheachtas - "Ag brú níos faide ar aghaidh don Chonradh!"

Seán Ó hAdhmaill ar ríomhaire!Seo fear óg atá gníomhach agus le tuiscint ar na "meán sóisialta." Leathanach Facebook agus LinkedIn aige. Ag tuibhteáil ar Twitter. Agus atá a bhlag fhéin, "Do Chonradh na Gaeilge" aige chomh maith. Fear an fiche haonú aois.

Ach cé hé an lead óg seo? Cé h-é an fear seo atá a tarraingt taca ó gach áird den cibearspás - mar shampla "Ghlacfainn Páirt Níos Mó sa Chonradh dá dToghfaí Ó hAdhmaill!" nó "Cuireadh chuig Árfheis Chonradh na Gaeilge" a thugann lán tacaíocht dó. Cad as dó? Cad tá déanta aige roimhe seo?

Rinne mé beagáinín taighde!

Rugadh agus tógadh Seán Ó hAdhmaill le Gaeilge i mBéal Feirste chois chuan.

Chuaigh sé tríd an chóras gaeloideachais ón réamhscolaíocht go leibhéal na hiarchéime. Is céimí Fiontar é. Tá taighde iarchéime ar siúl aige faoi láthair leo, ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta sa tiomsú airgid agus ceachtanna foghlamtha don earnáil dheonach Gaeilge.
Seán & Tara
Tá cónaí air anois i mBaile Átha Cliath lena bhean chéile (agus ceann taca) Tara - féach an pic ar dheis!. Tá mac óg aige, Fionn.

Is Oifigeach Forbartha é le Forbairt Naíonra Teoranta agus bhí an post céanna aige le Gaelscoileanna Teo. Chuidigh sé le bunú 4 ghaelcholáiste, 8 ngaelscoil agus 5 naíonra gaelach le trí bliana anuas. Féach mar shampla ar "Fás rábach sna Naíonraí gaelacha i lár an Cúlú Eacnamaíochta" (Deaireadh Fomhair 2009) ar an mblag Gaeltacht 21.

Céard tá déanta aige sa Chonradh?
Is duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga é. Óg-eagraíocht bunaithe le mic-léinn a mhealladh isteach san fheachtas STÁDAS i 2004. B'shin an feachtas a ghnóthaigh stádas oifigiúil don teanga sa Aontas Eorpach.
Chláraigh siad mar Chraobh de Chonradh na Gaeilge i 2006. Sa bhliain céanna toghadh Seán go dtí an Choiste Gnó. Toghadh é go leanúnach ar an gCoiste Gnó ó shin i leith. Toghadh go dtí Buanchoiste (coiste airgeadais) Chonradh na Gaeilge sa bhliain céanna chomh maith agus tá sé mar Chathaoirleach ar Choiste Contae Átha Cliath athbhunaithe ó anuraidh.

Is ionadaí Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge é ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge Teo.

Bhí agus tá sé an-ghníomhach i bhfeachtais éagsúla le blianta beaga anuas. Mar a dúrathas cheana bhí an-bhaint aige leis na Gael Óga i bhfeachtas rathúil STÁDAS na Gaeilge san Eoraip.

I 2006 bhí sé bainteach leis an Feachtas Gaelú na bhFón Póca a spreag seirbhís tuarthéacs (Bearla/Gaeilge)Vodafone “Get the focal” agus Gaelfóin Samsung agus seirbhísí eile cosúil le seirbhís suthach Gaeilge Meteor. (Tá suíomh Fón services as Gaeilge are Facebook!)

Ó 2006 tá sé gníomhach le Feachtas oideachais Chonradh na Gaeilge.

I 2007 bhí sé bainteach le Do Rogha, feachtas chun an chórais Luath-thumoideachas Iomlán a chosaint tar éis eisiúint ciorclán 0044/07 (go gairmiúil le GAELSCOILEANNA TEO. agus go deonach le Conradh na Gaeilge).

Raidío Rí RáMhol sé rún chun stáisiún raidió Gaeilge don óige a bhunú ag Ard-Fheis 2007 den Chonradh na Gaeilge. Bunaíodh Raidió X Teo. tar éis Seimineár Oireachtas na Gaeilge ar an gceist. I 2008 chuaigh Raidió X beo ar líne. Athraíodh ainm Raidió X go Raidió Rí Rá i 2009. Chuaigh Raidió Rí Rá beo ar FM i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh agus Gaillimh. Bhí mír ag Seán féin ar an stáisiún idir 2008-09, Éagsúlacht@8. (Sa pic ar dheis tá Seán Ó hAdhmaill le Miriam Maher agus Iaraire Ghaeltachta Éamon Ó Cuív ag an stáisiún anuireadh).

I 2008 bhí sé bainteach leis an fheachtas Glac Leis a dhíríonn ar dhaoine óga a chumasú agus a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh ó chomhlachtaí poiblí. Dhírigh an chéad chuid den bhfeachtas ar dhaoine óga a bhí ag freastal ar Choláistí Samhraidh.

I 2009 bhí sé bainteach leis an fheachtas chun go mbeadh rogha Gaeilge ar fáil ar na huathmheaisíní bainc de chuid Banc na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Is cuimhin liom féin a bheith ar buile nuair nach raibh rogha mo theanga féin san UMB i Siopa an Phobal i gCois Fharraige roinnt mhaith bliain ó shin. Anois tá an rogha sinn ann, a mbuíochas do Sheán agus a chomh-fheachtasóirí!

I 2009 bhí sé bainteach leis an fheachtas Ainmneacha Gaeilge d’Eastáit Tithíochta nua i limistéar Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. S Ó hAdhmaill sa Rás!Tá Comhairle Deisceart Bhaile Átha Cliath tar éis sampla an Chomhairle Cathrach a leanúint ó thús mí Márta 2010.

Idir 2009-2010 bhí sé bainteach le bunú agus eagrú RITH 2010. Is ball de Lárchoiste RITH é agus is stiúrthóir RITH Teo. é. Agus mar a léiríonn an pictiúr ar dheis, bhí sé sásta a bheith allas a chur san chuid is gníomhaí den Rás sin!

Mar a deir sé féin "Is síntiúsóir na nGael mé!"

Seán Ó hAdhmaill

2.4.10

Criathrú na hEaglaise!

Ag comóradh bháis ár dTiarna bhí mé ag smaoineamh ar chrot na hEaglaise faoi láthair.

Tá an géarchéim faoi mí iompair chuid de na sagairt le páistí ag cur isteach ar go leor daoine. Ach is dócha gurb é an rud a chuireann isteach ortha níos mó ná rud ar bith eile ná an uireasa nó an easpa cinnearacht atá tagtha chun solais i measc na heaspag, fiú chomh fada le cathaoir Pheadair féin.

Is ceart brón agus díomá a bheith orainn agus briseadh chroí. Is ceart gach rud a dhéanamh chun an gortú a lagheas agus an díobháil a "dheisiú" chomh fada agus is féidir. Ar an lá seo thar aon lá eile is féidir linn a fheiscint gur féidir gach galar a leigheas fiú an bás féin.

Tá píosa sa soiscéal a léadh san Aifreann ar an Domhnach atá oiriúnach dár liom.

B'é Síomón Peadar céad Easpag ar an eaglais ach shéan sé ár dTiarna in am na ghéarchéime. Bhí a fhios san ag Íosa roimh ré ach féach ar a dúirt sé:

"A Shíomóin, A Shíomóin, bhí Sátan do bhur n-éileamh le bhur gcriathrú mar cruinneacht. ach tá mise tar éis guí ar do shon nach gclisfidh do chreideamh; agus nuair a iompaíonn tusa, bí ag neartú le do bhráithreacha."

Mar sin bhí sé ag rá go raibh muinín aige as Peadair agus cé gur shéan sé a Thiarna bhí sé le bheith ina cheannaire "nuair a iompaigh sé" ón bpeacha, a bheith ina ceann taca dá Eaglais.

1.4.10

Áirneáin sa Chathair

Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic i nGaillimh mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Tá deireadh na sraithe sroichte acu anois go dtí an Fhómhair. Ach ná bí buartha gealltar sraith iontach eile amach anseo tar éis an tsamhraidh.

Don oíche deiridh den sraith seo “Airneán sa Chathair” tá sár-oíche amach romhat áit a mbeidh Áine Ní Dhroighneáin ag canadh ar an Máirt 13 Aibreán ag 8.15 i.n. Is amhránaí / aisteoir í Áine agus bheadh aithne ag daoine uirthi mar Tara ó Ros na Rún agus ghlac sí páirt freisin sa sraith Na Cloigne. Táthar ag súil go mór le guth álainn Áine a chloisteáil ar an oíche.

Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo tá sé i gceist pobal mhór na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. Bain taitneamh as an oíche amhránaíochta cois tine san ionad teolaí seo. D’éirigh go h’iontach leis an sraith le sár-oícheanta go dtí seo le Joe Steve Ó Neachtain, Lasairfhíona Ní Chonaola, Dermot Somers, Bob Quinn, Máire Holmes, Colette Nic Aodha agus Seosamh Ó Guairim.

Chun costais a chlúdú bíonn táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tae, caife agus brioscaí san áireamh. Tá súil acu go mbeidh slua mór i láthair chun tacaíocht a thabhairt do na healaíontóirí iontacha seo. Fáilte roimh chách.
Bígí ann más féidir libh.

30.3.10

Uasghrádú suíomh TG4


Athchóiriú agus Uasghrádú ar Shuíomh Gréasáin agus ar Sheinnteoir TG4 don lucht féachana ar-líne

Tabharfaidh cuairteoirí ar-líne TG4 athraithe suntasach faoi deara ar na seirbhísí éagsúla ata ar fail ón suíomh as seo amach mar go bhfuil feabhas suntasach curtha ar TG4 BEO, ar CARTLANN TG4 agus ar an leagan amach atá ar an eolas cuimisitheach scríofa agus físiúil ata ar an Suíomh Gréasáin féin maidir le cláracha, seirbísí agus eolas corparáideach na seirbhíse.

Fágann an feabhas seo go mbeadh caighdeán pictiúir níos fearr ar fáil ag lucht féachana TG4 ar fud an domhain ón Seinnteoir agus go mbeidh sé níos fusa fós ag daoine theacht ar Chartlann clár Gaeilge an chainéil ar feadh míosa tar éis a g craolta.

Deir Máire Geoghegan-Quinn, Coimisinéir an Aontais Eorpaigh ar Thaighde, Nuálaiocht agus Eolaíocht "De bhrí go bhfuil cónaí orm thar lear, bainim leas rialta as Suiomh agus as Seinnteoir TG4 chun coinneáil i dtiúin leis an gcainéal. Is breá liom a thabhairt faoi deara gur pairtíocht idir TG4 agus TeliaSonera (Sualanais) atá sa bhforbairt seo, léiriú iontach ar an mbealach gur féidir le craoltóir ag ceann thiar na hEorpa dul i bpáirt le comhlacht mór Lochlannach chun leasa cultúrtha agus sóisialta a bhaint as teicneaolaiochtaí nua digiteacha.

Deir Peadar Ó Flatharta, Suíomh-Mháistir TG4 “Tá a fhios againn go bhfuil daoine ar fud an domhain ag ceangal le TG4 agus ag brath ar an Idirlíon don chaidreamh sin don bheochraoladh agus don tseirbhís chartlainne. Teastaíonn uainn go mbeadh an tseirbhís agus an pictiúir a chuirimid ar fáil ar an ardán sin ar an gcaighdeán is airde. Roghnaigh muid seirbhís MDS TeliaSonera MDS don chéim forbartha is deireanaí mar gur thuig An comhlacht ár riachtanas agus go raibh cruthaithe aige gur féidir brath air agus go bhfuil meas idirnáisiúnta air. Ba mhaith linn amach anseo go mbeadh forbairtí eile ar fáil uainn ar-líne, ina measc sruthíú idirghníomhach, foitheidealú idirghníomhach agus an cumas ag an lucht féachana a bheith ag comhrá le chéile fad atá siad ag féachaint ar ár gcuid clár.”

Dar le Anna Mossberg, Leas Uachtarán TeliaSonera International “D’oibrigh muid le TG4 ón tús chun an togra seo a dhearadh, a leagan amach agus a fheidhmiú de réir na riachtanas a bhí ann. Is deas linn mar a tháinig gach rud le chéile.”.

Is le TeliaSonera International Carrier an gréasán snáithín optach is mó san Eoraip, an tríú ceann is mó sa domhan agus é ag freastal ar bhreis is 85% de sholáthraithe Idirlín na hEorpa.

25.3.10

An Crisis

Géarchéim ghreannmhar in eagras Gaeilge!

Deirtear gur minic an saol ag aithris ar an ealaín ach is ábhar imní a bheadh ann dá mbeadh bua na fáistine ag an sraithdhráma nua greannmhar Gaeilge seo. Díríonn an dráma ar imeachtaí ACT (An Chomhairle Teanga) eagras stáit a bhfuil a bhealaí féin aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tar éis saoirse agus só na mblianta, tá ACT anois ina chíor thuathail ag giorruithe airgeadais an Rialtais, ag iarmhairtí na mbeartas aisteacha a mhaoinigh sé roimhe seo, ag aistiúlacht na ndaoine atá ag obair ann agus ag Aire nua Rialtais a bhfuil a dhearcadh pearsanta féin aige faoin gComhairle.

Is é an t-aisteoir grinn aitheanta Risteárd Cooper (Après Match agus go leor eile; ar dheis!) a ghlacann páirt Setanta De Paor, Stiúrthóir Gníomhach ACT le deich mbliana anuas agus caomhnóir na teanga, más fíor. Tá foireann fostaithe ag ACT ach ba dhoiligh a rá go bhfuil siad ag obair ann, cé is moite den pheata cainteach éinín ar a bhfuil Máirtín Ó Cadhain baistithe mar ainm.

Ar an drochuair, chuaigh Setanta agus an tAire nua-cheaptha ar scoil le chéile ach ní le gean ach le goimh a fhéachann an tAire ar Setanta agus ar a eagras. Teastaíonn ón Aire díoltas a agairt agus is maith a oireann dó go bhfuil srianta daingne le cur ar chaiteachas poiblí.

Is í Caoimhe (Kate Nic Chonaonaigh, - The Clinic, Ros na Rún; ar dheis), an bhean atá curtha isteach san eagras chun mianta an Aire a fheidhmiú. Beidh uirthi a fháil amach cad a bhíonn ar bun ag ACT. Is léir don dall gur ag streachailt leis an gcrosfhocail nuachtáin a chaitheann bainisteoir amháin, Muiris (Donncha Crowley-Rásaí na Gaillimhe, The Clinic, Kings) an lá.

Is suite ag Fáiltiú atá Aoife (Michelle Beamish, Rásaí na Gaillimhe, Seacht, Eden) ag cur fúithi, post breá socair suaimhneach do dhamhsóir atá traochta tar éis a seal le Riverdance.

Ar na haisteoirí eile sa tsraith, tá Norma Sheahan (The Clinic, Ondine & Intermission), Don Wycherley (Rásaí na Gaillimhe, Ondine, Zonad, Garage, Bachelor’s Walk), Barry McGovern (Na Cloigne, The Tudors, The General, The Clinic), Seán T. Ó Meallaigh (Na Cloigne, Rásaí na Gaillimhe, Kings) agus Bríd Ní Neachtain (Dancing at Lughnasa, Cré na Cille).

Is é Antoine Ó Flatharta a scríobh, drámadóir aitheanta bhfuil a shaothar léirithe ar an teilifís agus in amharclanna in Éirinn agus thar lear, ina measc RTÉ, BBC agus WDR.

Is í Martha O’Neill, Wildfire Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4. Is é Charlie McCarthy a stiúraigh (Pure Mule, The Clinic, Legend, On Home Ground, Ros na Rún agus Glenroe.) Fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. (Béarla)

21.3.10

Domhach fáidhiúil!


I measc na scealta go léir faoin díobháil atá déanta do pháistí óga ag sagairt agus easpaigh bhí scéal amáin a chuir isteach go mór orm.

Ní raibh baint nó páirt ag an eaglais leis an scéal seo, ach tá damáiste déanta do leanbh. Tá duine amháin marbh dá bharr agus tharla gach rud do réir dlí. Ní dlí canónach ach dlí na hÉireann.

Is fiú go mór an scéal le John Waters a léamh duit fhéin. “Drochíde thragóid chlann amháin” (Béarla) san Irish Times ar an Aoine.

Ar maidin bhí thréadlitir an Phápa á léamh i mbeagnach gach paróiste le linn an Aifreann. Ach arís ar ámharaí an tsaoil bhí na léachtaí agus an Soiscéal an oiriúnach. Is fiú iad a athrá anseo dár liom:

Seo as an chéad léacht:
“Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla,
ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.

Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,

tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?
Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach

agus cosáin san uaigneas


Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom,
na mic tíre agus na hulchabháin,

beidh mé ag soláthar uisce san fhásach,
aibhneacha sa dúiche fhiáin,

chun tart mo phobail thofa a chosc.


An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin,

déanfaidh siad mo mholadh a aithris!"

Iseáia 43

Agus an Soiscéal:
San am sin chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.

Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: “A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?” Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d’éirigh sé suas agus dúirt leo:

“An duine agaibh atá gan pheaca,
bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”

Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar antalamh. Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi:

    “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”
    “Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,”
    ar sí.
    Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”
Eoin 8:1-11

An éisteann muid leis an luinneog nó véarsa an Aifrinn - briathar Dé ó Ez 33:11:
"'Ní mian liomsa bás an chiontaigh,' a deir an Tiarna, 'ach go n-iompódh sé óna aimhleas féin agus go mairfeadh sé.'"

An fiú éisteacht leis!

14.3.10

An Máthair

Ag smaoineamh ar na máithreacha inniú.

10.3.10

Rothaíocht go Casablanca

I mí Iúil 2009, bhí droch thimpist ag Stephen Murray, file, drámadóir agus scríbhneoir agus é ag sléibhteoireacht i Magairlí an Deamhain sa Lionáin. Suas le bliain dár gcionn, ar an 30 Bealtaine 2010, tá sé chun rothaíocht go dtí an Afraic (Béarla) chomh fada le Casablanca i Maracó i gcuideachta an aisteoir Eoin Geoghegan, mac léinn Andrew Hassette agus gruagaire Ryan Skelton. Táid á dhéanamh ar son OÍSPÍS na GAILLIMHE. (Béarla)

Tá na ceathrar fir chróga seo chun tús a chur leis an aistear i nGaillimh agus chun a mbealach a dhéanamh chomh fada le Corcaigh, bád a fháil go dtí an Fhrainc agus rothú síos thar na Piréiní, trasna cósta ó thuaidh na Spáinne, isteach go dtí an Phortaingéil, agus ansin go Giobráltar agus trasna chuig Maracó i gcomhair an chéim deiridh agus iad ag rothaíocht tríd an fhásach loiscneach chomh fada le Casablanca.

Tá sraith gigeanna eagraithe acu agus iad ag súil €40,000 a bhailiú ar son Oíspís na Gaillimhe. Cuirfear tús leis an sraith “An Club Domhnach” ar Lá na Máithreacha, 14 Márta, i gClub Áras na nGael (Gaillimh) ag tosnú ag 3.00 i.n. Beidh an imeacht seo atá áisiúil do theaghlaigh ag rith ar bhonn sheachtanúil, áit a mbeidh bia, ceol beo, scannáin, biongó rúnda, tráth na gceisteanna agus tráthnóna le aoianna san áireamh.

9.3.10

Seoladh dlúthdhiosca Subhóró


Seolfar an dlúthdhiosca “Subhóró” i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn beag seo (13 Márta ón 8.00 i.n ar aghaidh). Beidh sár-cheoltóirí na tíre ag bailiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar Subhóró áit a ngealltar go mbeidh oíche den scoth idir ceol agus damhsa. I measc na ceoltóirí ar an oíche beidh Stiophán Mac Suibhne ar an gcairdín, an ceoltóir éirimiúil Louise Devitt ar an bhféadóg mhór agus ná caill amach ar an deis annamh, áilleacht agus binneas na cláirsí a chloisteáil le Úna Ní Fhlannagáin.

Bhí ráchairt mhór ar an dlúthdhiosca dúbailte, Subhóró – Ceol ón Acadamh. Rinneadh brabús €10,000 in imeacht roinnt míosa. Is é Subhóró - Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua, Conamara agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir an cnuasach ceoil, filíochta, damhsa agus litríochta béil i dtoll a chéile. Is foireann, mic léinn, agus cairde Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí páirteach sa togra. Bhronn chuile dhuine a ghlac páirt a chuid buanna agus tallann saor in aisce.

Blaiseadh breá de chanúintí an cheoil agus na Gaeilge ó chósta go cósta atá sa dlúthdhiosca. Is é an ceoltóir, an Dr Charlie Lennon, an príomhléiritheoir agus rinneadh an taifeadadh i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá 40 rian ar fad ar an dá dhlúthdhiosca – beagnach dhá uair an chloig go leith d’ábhar ó Thír Chonaill, ó Cho. Liatroma, ó Cho. na Gaillimhe, ó Cho. an Chláir, ó Chorca Dhuibhne agus ó Rinn Ó gCuanach. Tá éagsúlacht mhór ábhar anseo: sean-nós; ceol; amhráin; filíocht nua-chumtha; agus Gaelcheol tíre Chonamara.

Ar an gCéadaoin 24 Feabhra bhronn baill choiste an dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh seic de luach €10,000 ar Gerry Cully ó Fhondúireacht Taighde agus Leighis na Leanaí in Ospidéal Mhuire na Leanaí, (Béarla) Cromghlinn. Bailíodh an t-airgead de thoradh dlúthdhiosca dúbailte a táirgeadh go speisialta agus a seoladh ag Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, i gConamara, i Rinn Ó gCuanach agus i gCorca Dhuibhne. Tá an-tóir ar an dlúthdhiosca ó shin.

Tá líon áirithe den dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh ar fáil i gcónaí. Tá cóipeanna ar díol in ionaid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, i gCarna, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Gaoth Dobhair chomh maith le Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair agus i siopaí áitiúla i gceantar Chonamara ar luach €20. Tá sé ar fáil freisin ó Chló Iar-Chonnachta.

Rós le piocadh!

Beifear ag roghnú Rós Chlub Áras na nGael 2010 ar an Déardaoin 11 Márta ag 8.00 i.n. le oíche ceol agus craic i gClub Áras na nGael, istigh sa chathair. (Gaillimh)

Tá cáil bainte amach ag an gcomórtas seo a bhíonn ar siúl gach bliain mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Tugann siad cuireadh dúinn dul isteach agus a bheith páirteach san oíche spórtúil seo áit a ngealltar go mbeidh neart gáire nuair a chuirfidh fear an tí Diarmuid de Faoite na cailíní áille faoi agallaimh.

Agus ná déan dearmad ar na “escorts” dathúil a bheidh ina gcuideachta. Ar an oíche beidh an tasc deacair ag na moltóirí, Eithne Nic Anraí (Bríd as Ros na Rún), Prionsais Breathnach (Údarás na Gaeltachta) agus láithreoir TG4 Sinéad Ní Loideáin Rós 2010 a roghnú.

Beidh Rós 2009 Barbara Nic Dhonncha, (An Sionnach Ninja, ar dheis) craoltóir i102-104 i láthair chun an teideal a bhronnadh ar Rós na bliana seo. Le neart ceol, craic agus caint, tá an oíche seo fheiliúnach do gach duine.

22.2.10

Ganntanas uisce

D'éiríomar déanach maidin inné.

Dúirt mo bhean ar maidin inné go raibh an brú uisce an íseal. D'fhéachas air mé fhéin agus bhí sé an-íseall ach ar a laghad bhí uisce ann.

Bhíomar ró-dhéanach le dul chuig an Aifreann i dTeach Phobaill na Tulaigh agus chuamar chuig séipéil an Chnioc. Cé gur fearr liom an Ath Colm ar an Tulaigh ag léamh Aifreann agus is fearr liom an séipéal ansin, is mairth liom séipéal an Chnoic atá i bhfad níos sine ná an ceann eile atá níos lua ná 50 bliainn togtha! (Sé an cead eaglas a tógadh in Éireann de réir na rúibrící nua liotúirge ó Comhairle Vatacáine II sna seascaidí! An céad ceann a tógadh leis an altóir amach ón chul bhalla!)

Thánamar thár n-ais agus bhí an brú as an sconna níos lú.

Chuamar amach ar siúlóid ansin. Thiománamar siar chuig Cheantair na nÓileán. Tá sé de nós againn siúl isteach i nGarmna, ceantair na Trá Bháine. Lá fuair grianmhar a bhí ann. Ní rabamar ann le roinnt mhaith míonna agu chuir sé íontas an obair a bhí deanta ag an-chuid de na titheanna ansin. Is cuimhin liom fadó nuair a bhí an áit sin beo bocht. Buíochas le Dia go bhfuil feabhas chomh mór sin in ár saol.

Thár n-ais ag an teach agus bhí an t-uisce imithe ar fad. Maidin Domhnach gan uisce agus ní raibh éinne ag an Comhairle Chontae. Ni raibh uisce ag éinne eile sa cheantair. Chaill muid an nuacht ar Raidío na Gaeltachta má bhí tagairt don briseadh seirbhís luaite ann.

Chualamar ó na comharsana go raibh píopa briste i Ros a'Mhíl agus go mbeidh sé socraithe acu inniú.

Nár laige Dia a lámha!

19.2.10

Raidío idirlín ar an árdminicíocht!

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus tá foirne sráide á lorg againn le cabhrú lenár gcraoladh beo ar FM timpeall na tíre a phoibliú i mí an Mhárta.

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, agus beidh le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil.
Más duine bríomhar, spreagúil tú le Gaeilge líofa atá ar fáil ar feadh cúpla uair a chlog lá amháin in aghaidh na seachtaine le linn Mhárta 2010, tá Raidió Rí-Rá ag lorg do chuid ama agus do chuid fuinnimh!

Bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie ach beidh an cairt-stáisiún le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010 agus táimid ag eagrú foirne sráide chun cuairt a thabhairt ar scoileanna sna cathracha seo.

Beidh foirne sráide Raidió Rí-Rá ag dul ar cuairt go ranganna scoile chun labhairt leis na daltaí as Gaeilge agus chun cluichí le duaiseanna beaga a chur i láthair leo, agus beidh deis ag roinnt de na daltaí ádhmhara labhairt beo ar an aer lenár láithreoirí sa stiúideo fiú!

Ní gá le gach saorálaí ach cúpla uair a chlog a chaitheamh ag cabhrú le Raidió Rí-Rá lá amháin in aghaidh na seachtaine i mí an Mhárta le cuairt a thabhairt ar uasmhéid cúig scoil ina gceantar áitiúil ar an iomlán.

Cuirfidh Raidió Rí-Rá na duaiseanna agus gach ábhar do na cluichí ar fáil do na foirne sráide leis an spraoi agus an Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna áitiúla i do cheantar.

10.2.10

Club leabhar

Fadó, fadó bhí eagraíocht ann ar a dtugtaí An Club Leabhar a bhí á reachtáil, más buain mo cuimhne, ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Inniú fuair mé an nuacht seo a thosaigh mé ar an turaisín beag seo na smaointe!

Is é an t-úrscéal Sobalsaol le Pádraig Standúin ceann de na leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.

Tá tionscadal nua, Clubleabhar.com, á sheoladh ag Gaelchultúr an mhí seo a bhfuil sé mar aidhm aige daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun a bheith ag léamh leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm ag lucht a bhunaithe chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.

Beidh ócáid seolta Clubleabhar.com ar siúl ó 6.00 p.m. Déardaoin, 18 Feabhra 2010 sa Curved Street Café, Filmbase i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath.

“Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub ag www.clubleabhar.com,” a deir Sara-Jane Ní Ghabhann ó Ghaelchultúr, “agus níl aon táille i gceist. Beifear ag díriú ar leabhar nua gach mí agus beidh deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Beidh fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bheidh á bplé, rud a éascóidh an léitheoireacht go mór.

“Tá sé beartaithe againn leabhair a bheidh róchasta agus acadúil a sheachaint. Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh ghearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Beidh meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló.”

Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

Tugtar liosta ar an suíomh chomh maith de na siopaí leabhar in Éirinn ina bhfuil leabhair Ghaeilge ar díol agus tá nasc ann chuig na cinn ar líne mar litríocht.com agus siopa.ie, rud a fhágfaidh go mbeidh sé éasca ag baill Clubleabhar.com na saothair á bheidh á bplé a cheannach.

Déanfar léirmheas ar leabhar na míosa ar an gclár Gaeilge ‘Splanc’ ar an stáisiún raidió Newstalk 106 chomh maith agus beidh nasc chuig podchraoladh den chlár seo le fáil ar Clubleabhar.com. Déantar Splanc’ a chraoladh gach Dé hAoine, 10.00 – 11.59 p.m.

Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ag an gComhairle Ealaíon.

7.2.10

Meath meabhrú!

Nach aisteach an rud é a bheith sean.

Caith mé an deireadh seachtaine le mo mháthair. Tá sí os cionn deich mbialiana agus ceithre scór d'aois. Tá an sláinte maitb go leor leithí ó thaobh an choir de ach an a chuid sláinte intinne atá go dona. Tá néaltrú seanaoise go tiubh uirthí anois. Tá fhios aicí go bhfuil aithne aici orm ach níl tuairim aici cé mé, nó cé iad mo dreatháireacha.

Mar aon leis seo tá sí ag cailliúint a cuimhne ar chonas rudaí simplí a dhéanamh agus tá air duine freagrarach a bheith léithí i gcónaí.

Is mór an trua é seo, duine a bhí príobháideach, coimeádeach, bua na stíle uirthe agus í óg agus anois ní thuigeann sí nuair nach bhfuil a cuid éidí uirthí i gceart, nó a cuid gruaige míshlachtmhar. Nuair atá sí ag caint le daoine gan deathuiscint, go neamh discréideach. An t-aon rud atá fágtha aici ná a grá don Aifreann agus tógtar amach chuig an Aifreann gach maidin.

Is mór an bron atá orainn deireadh saol duine a bhí chomh tabhachtach inár saol. A té a thug grá gan teora dúinn.

4.2.10

Gradam Ceoil TG4

Is ar an bpíobaire cumasach as Carna, Seán McKiernan, a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2010. Fógríodh an liosta buaiteoirí do na Gradaim éagsúla ag nuacht ócáid i gceannáras Na bPíobairí Uilleann (Béarla) i mBaile Átha Cliath.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar cheoltóir óg as Co Dhún na nGall, ar amhránaí ildánach as Fear Manach, ar bheirt dearthár as iarthar Chorcaí as a gcumas cumadóireachta, ar fhear den shloinne atá luaite le ceol sa bpríomhchathair le céad bliain agus ar mhúinteoir as Corca Dhuibhne ó dhúchas a bhunaigh agus a d’fhorbair ceann de na hinstitiúidí ceoil traidisiúnta is cáiliúla ar domhan.

Seo liosta na nGradam do 2010:
  • Gradam Ceoil TG4 - Seán Mc Kiernan
  • Ceoltóir Óg na bliana - Aidan O’Donnell
  • Gradam Saoil - Seán Potts (ar dheis)
  • Cumadóirí na Bliana - John agus Finbarr Dwyer
  • Gradam na gCeoltóirí - Muiris Ó Rócháin

  • Bronnfar seic €5,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll ar bhuaiteoir Ghradaim Ceoil TG4 2010, ar Sheán McKiernan. Gheobhaidh Aidan O’Donnell, Ceoltóir Óg na Bliana, seic €2,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Gheobhaidh na buaiteoirí eile €1,000 an duine agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman (Béarla) ar an Satharn 27 Márta 2010, á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus craolfar na himeachtaí ar chlár speisialta ar TG4 Domhnach Cásca, 4 Aibreán.

    Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil Gradaim TG4 áirithe mar scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn a chur in iúl do na laochra seo go dtuigimid an saothar iontach agus an ealaíon luachmhar atá á cruthú agus á seachadadh acu."